Buaiteoir, Séala na hEorpa 2006
Fáilte chuig TEG!
 |
Scrúduithe d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge |
 |
Sé leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 2 (C2)
|
 |
An bhfuil tú ag foghlaim Gaeilge nó an bhfuil Gaeilge agat cheana féin? |
 |
Ar mhaith leat teastas a bheith agat mar chruthúnas ar do chumas sa Ghaeilge? |
 |
Ar mhaith leat cuspóir cinnte a bheith agat chun tú a spreagadh agus chun cabhrú leat struchtúr a chur ar do chuid staidéir? |
Is scrúduithe ginearálta cumais d’fhoghlaimeoirí fásta iad scrúduithe TEG. Tá scrúduithe TEG bunaithe go ginearálta ar an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001). Scrúdaítear na ceithre scil: Labhairt, Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Scríbhneoireacht. Tá na scrúduithe ar fáil faoi láthair ag cúig leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 1 (C1). Beidh scrúdú ar fáil ag Ardleibhéal 2 (C2) amach anseo.
Ar an suíomh seo tá neart eolais ar fáil faoi na sé leibhéal scrúduithe. Tá comhairle d’iarrthóirí ann; tá eolas maidir le hacmhainní foghlama agus tá eolas cuiditheach d’fhostóirí ann chomh maith.
Is féidir leat na siollabais a íoslódáil agus is féidir páipéir scrúdaithe samplacha (páipéir scríofa agus páipéir chluastuisceana) a iniúchadh. Gheobhaidh tú eolas ar dhátaí agus ionaid na scrúduithe agus aimseoidh tú ionaid ina múintear Gaeilge do dhaoine fásta de réir shiollabais TEG. Tá eolas ar fáil anseo freisin do mhúinteoirí ar spéis leo daltaí dá gcuid a chur isteach ar an scrúdú.
Tá súil againn go gcuirfidh tú suim sa suíomh agus go mbeidh sé ina chabhair duit. Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn ba bhreá linn cloisteáil uait - déanfaimid ár seacht ndícheall cabhrú leat.
Beir bua!

|