pic pic pic
teg logo teg logo pic Maidir le teg
pic
pic pic pic pic pic Naisc & acmhainní
pic
pic Ceisteanna coitianta
pic
pic Nuacht
pic
pic Teagmháil
pic
pic
teg logo
teg logo english version
pic pic
arrowMaidir le teg

 

Buaiteoir, Séala na hEorpa 2006

Fáilte chuig TEG!

Teastas Eorpach na Gaeilge:

pic Scrúduithe d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge
pic Sé leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 2 (C2)

pic An bhfuil tú ag foghlaim Gaeilge nó an bhfuil Gaeilge agat cheana féin?
pic Ar mhaith leat teastas a bheith agat mar chruthúnas ar do chumas sa Ghaeilge? 
pic Ar mhaith leat cuspóir cinnte a bheith agat chun tú a spreagadh agus chun cabhrú leat struchtúr a chur ar do chuid staidéir?

Is scrúduithe ginearálta cumais d’fhoghlaimeoirí fásta iad scrúduithe TEG. Tá scrúduithe TEG bunaithe go ginearálta ar an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001). Scrúdaítear na ceithre scil: Labhairt, Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Scríbhneoireacht.  Tá na scrúduithe ar fáil faoi láthair ag cúig leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 1 (C1). Beidh scrúdú ar fáil ag Ardleibhéal 2 (C2) amach anseo.

Ar an suíomh seo tá neart eolais ar fáil faoi na sé leibhéal scrúduithe. Tá comhairle d’iarrthóirí ann; tá eolas maidir le hacmhainní foghlama agus tá eolas cuiditheach d’fhostóirí ann chomh maith.

Is féidir leat na siollabais a íoslódáil agus is féidir páipéir scrúdaithe samplacha (páipéir scríofa agus páipéir chluastuisceana) a iniúchadh.  Gheobhaidh tú eolas ar dhátaí agus ionaid na scrúduithe agus aimseoidh tú ionaid ina múintear Gaeilge do dhaoine fásta de réir shiollabais TEG. Tá eolas ar fáil anseo freisin do mhúinteoirí ar spéis leo daltaí dá gcuid a chur isteach ar an scrúdú.

Tá súil againn go gcuirfidh tú suim sa suíomh agus go mbeidh sé ina chabhair duit. Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn ba bhreá linn cloisteáil uait - déanfaimid ár seacht ndícheall cabhrú leat.

Beir bua!

pic  NUI logo   pic     alte logo     pic

   

pic
Baile :: Maidir le TEG :: Maidir le scrúduithe :: Eolas & moltaí :: Naisc & acmhainní :: Ceisteanna coitianta :: Nuacht :: Teagmháil
pic pic
 
pic
pic
pic pic pic pic pic
 © TEG 2006 Gach ceart cosanta | Téarmaí & Coinníollacha
pic
home home