graphic graphic graphic
teg logo teg logo graphic Maidir le TEG
graphic
graphic graphic graphic graphic graphic Naisc & acmhainní
graphic
graphic Ceisteanna coitianta
graphic
graphic Nuacht
graphic
graphic Teagmháil
graphic
graphic
teg logo
teg logo english version
graphic graphic
arrowCeisteanna coitianta

 

graphicCé air a bhfuil scrúduithe Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) dírithe?
graphicCén tábhacht a bhaineann le scrúduithe TEG?
graphicCad atá i gceist le páirtchreidiúint?
graphicAn gcaithfidh iarrthóirí scrúdú Bhonnleibhéal 1 (A1) a dhéanamh sula ndéanfaidh siad scrúdú Bhonnleibhéal 2 (A2)?
graphicCén áit a mbíonn na scrúduithe ar siúl?
graphicCén uair a bhíonn torthaí an scrúdaithe ar fáil?
graphicNílim sásta le mo chuid torthaí. Cad is féidir liom a dhéanamh?
graphicCé mhéad uair an chloig staidéir is gá a dhéanamh chun bheith in ann tabhairt faoi na scrúduithe éagsúla?
graphicAn gcaithfidh mé pas a fháil i ngach cuid den scrúdú chun pas a fháil?
graphicAn féidir liom rannóga éagsúla sa scrúdú a dhéanamh ag amanna faoi leith?
graphicAn féidir foclóirí a úsáid sna scrúduithe?
graphicAn gcaillfidh iarrthóirí marcanna má bhíonn focail litrithe mícheart acu sa scrúdú cluastuisceana?
graphicCad é is féidir le hiarrthóirí a dhéanamh mura dtuigeann siad na treoracha a thugtar ag tús an scrúdaithe nó sa scrúdú cainte?
graphicAn bhfuil aon teorainn maidir le haois na n-iarrthóirí?
graphicAn gcaithfidh mé freastal ar chúrsa Gaeilge chun aon cheann de na scrúduithe a dhéanamh?
graphicCé chomh minic is a bhíonn na scrúduithe ar siúl?
graphicCad é mar is féidir liom clárú do cheann de na scrúduithe?
graphicCén costas a bhaineann leis na scrúduithe?
graphicCad iad na modhanna íocaíochta?
graphicCá bhfuil TEG aitheanta?
graphicAn nglactar le TEG mar cheann de na riachtanais iontrála do chúrsaí iarchéime sa Bhunoideachas?
graphicIs iarrthóir faoi mhíchumas mé. An féidir liom scrúdú TEG a dhéanamh?
graphicMá tá ceisteanna eile agam?

graphic
Cé air a bhfuil scrúduithe Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) dírithe?

Is féidir le haon duine ceann ar bith de scrúduithe TEG a dhéanamh. Ní gá freastal ar aon chúrsa faoi leith. Níl aon teorainn aoise i gceist ach oiread.

Ar ais go barr
graphic
Cén tábhacht a bhaineann le scrúduithe TEG?

Is é TEG an chéad chóras teastasaithe d'fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge a bhfuil baint aige le córas scrúduithe ALTE/Comhairle na hEorpa. Tá forbairt déanta ar a leithéid de chóras le haghaidh fhormhór na dteangacha eile san Eoraip cheana. Tá leibhéil éagsúla TEG bunaithe go ginearálta ar An Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do na Teangacha: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (Comhairle na hEorpa, 2001). Cabhraíonn an córas seo leis na foghlaimeoirí a gcuid staidéir a phleanáil agus aitheantas a fháil as an dul chun cinn atá déanta acu. Buntáiste eile a bhaineann leis an chóras seo ná go dtugann sé cruthúnas d'fhostóirí maidir le cumas teanga agus iad ag roghnú iarrthóirí do phoist nó d'ardú céime. Tá tábhacht faoi leith leis seo ó tháinig forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) i bhfeidhm. Tá Ionad na dTeangacha ina bhall de ALTE (Association of Language Testers in Europe) a dhéanann monatóireacht ar ábhar agus ar chaighdeán scrúduithe TEG.

Tá aitheantas oifigiúil faighte ag Ionad na dTeangacha ón Roinn Oideachais agus Scileanna do Mheánleibhéal 2 (B2) Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Ciallaíonn sé seo go sásaíonn TEG Meánleibhéal 2 (B2) na critéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san Oideachas sna coláistí oideachais.

Is deis iontach é seo do dhaoine gur mhaith leo dul le gairm na múinteoireachta nach bhfuil na riachtanais iontrála chuí acu do na coláistí oideachais, mar shampla, Gaeilge Ardleibhéal na hArdteistiméireachta. Neamhchosúil leis an siollabas agus an scrúdú Ardteistiméireachta, tá siollabais agus scrúduithe TEG dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, rud a chuireann go mór leis an taithí foghlama.

Ar ais go barr
graphic
Cad atá i gceist le páirtchreidiúint?

Ó 2012, is féidir le foghlaimeoirí Gaeilge páirtchreidiúint a fháil i labhairt na teanga sna leibhéil ar fad. Má éiríonn le hiarrthóirí sa scrúdú cainte, gheobhaidh siad teastas a léiríonn an cumas atá acu sa Ghaeilge labhartha. Léireofar go soiléir na marcanna a bhain an t-iarrthóir amach sa scrúdú cainte. Beidh sé soiléir ar an teastas chomh maith nach teastas iomlán de chuid TEG atá ann agus nár tástáladh ach cumas labhartha an iarrthóra.

Is féidir le hiarrthóirí a fhaigheann an pháirtchreidiúint (an scrúdú cainte) ag Ardleibhéal 1 (C1) amháin, an cháilíocht iomlán a fháil gan an scrúdú cainte a dhéanamh arís má thugann siad faoin chuid eile den scrúdú taobh istigh de dhá bhliain. Mar shampla, má éiríonn le hiarrthóir an pháirtchreidiúint i Scrúdú Cainte Ardleibhéal 1 (C1) a fháil aon am in 2013 beidh aige/aici go dtí deireadh 2015 leis na codanna eile den scrúdú ag an leibhéal sin (Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Scríobh agus Úsáid na Gaeilge*) a dhéanamh chun an chreidiúint iomlán a bhaint amach.

I gcás na leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) - Meánleibhéal 2 (B2), beidh ar iarrthóirí tabhairt faoi gach gné den scrúdú in aon seisiún amháin le creidiúint iomlán a bhaint amach.

*Cuimhnigh go gcaithfear tabhairt faoi na codanna seo ar fad in aon seisiún amháin agus gur uair amháin in aghaidh na bliana a bhíonn na scrúduithe iomlána ar siúl de ghnáth.

Ar ais go barr
graphic
An gcaithfidh iarrthóirí scrúdú Bhonnleibhéal 1 (A1) a dhéanamh sula ndéanfaidh siad scrúdú Bhonnleibhéal 2 (A2)?

Is féidir le hiarrthóirí aon cheann de scrúduithe TEG a dhéanamh.  Seasann gach scrúdú leis féin agus is faoin iarrthóir atá sé an scrúdú is oiriúnaí dó/di féin a roghnú.

Ar ais go barr
graphic
Cén áit a mbíonn na scrúduithe ar siúl?

Bíonn na scrúduithe ar siúl in iliomad áiteanna in Éirinn agus thar lear uair amháin sa bhliain, i mí Aibreáin nó i mí na Bealtaine (Bonnleibhéal 1 (A1), Bonnleibhéal 2 (A2), Meánleibhéal 1 (B1), Meánleibhéal 2 (B2)) agus mí Eanáir (Ardleibhéal 1 (C1)). Sonraí anseo.

De ghnáth, bíonn na páipéir scríofa ar siúl ar maidin. Féach ar an eolas atá le fáil ar an fhoirm iarratais le hamanna do na scrúduithe cainte a sheiceáil. Bíonn na scrúduithe ar siúl in ionaid éagsúla in Éirinn agus thar lear. Bíonn sé seo ag brath ar éileamh. Féach ar an rannóg 'Nuacht' chun tuilleadh eolais a fháil.

Tabhair faoi deara go gcuirfear scrúdú ar ceal in aon ionad muna bhfuil 15 iarrthóir ann. Gheobhaidh tú scéala maidir leis an ionad a mbeidh an scrúdú ar siúl ann 14 lá roimh dháta an scrúdaithe féin. Moltar duit gan aon socruithe taistil/lóistín a dhéanamh go dtí go bhfuil an fógra sin faighte agat ó Ionad na dTeangacha.

Má tá grúpaí ag iarraidh an scrúdú cainte amháin a dhéanamh chun an pháirtchreidiúint a bhaint amach ag amanna eile sa bhliain in ionaid áitiúla, is féidir é seo a shocrú le Foireann TEG. Tabhair faoi deara go bhfuil íosmhéid 15 duine ag teastáil don socrú seo.

Ar ais go barr
graphic
Cén uair a bhíonn torthaí an scrúdaithe ar fáil?

6-8 seachtaine tar éis dóibh an scrúdú a dhéanamh, cuirfear na torthaí sa phost chuig iarrthóirí.  Má éiríonn leis an iarrthóir sa scrúdú, seolfar teastas ar aghaidh go luath ina dhiaidh sin.

Ar ais go barr
graphic
Nílim sásta le mo chuid torthaí. Cad is féidir liom a dhéanamh?

Má tá iarrthóir ag iarraidh go ndéanfaí na marcanna a athsheiceáil is féidir é sin a iarraidh suas go dtí 14 lá tar éis eisiúint na dtorthaí scrúdaithe . Ní bheidh aon chostas ag baint leis seo. Déanfar torthaí na hathsheiceála a phlé le hiarrthóirí tríd an ríomhphost nó ar an ghuthán.

Má tá iarrthóir ag iarraidh go ndéanfaí an scrúdú a athmharcáil go hiomlán is féidir é sin a iarraidh suas go dtí 14 lá tar éis eisiúint na dtorthaí scrúdaithe. Gearrfar táille €35 air seo. Déanfar torthaí na hathmharcála a phlé le hiarrthóirí tríd an ríomhphost nó ar an ghuthán.

Ar ais go barr
graphic
Cé mhéad uair an chloig staidéir is gá a dhéanamh chun bheith in ann tabhairt faoi na scrúduithe éagsúla?

Treoirlínte anseo.



Ar ais go barr
graphic
An gcaithfidh mé pas a fháil i ngach cuid den scrúdú chun pas a fháil?

Ní chaithfidh. Cé go dtugtar na marcanna a ghnóthaigh siad i ngach rannóg d’iarrthóirí, cuirtear na marcanna sin le chéile chun an marc agus an grád iomlán a fháil. Mar sin, ag brath ar na marcanna, d’fhéadfadh iarrthóir teip a fháil i rannóg nó dhó agus pas a fháil sa scrúdú iomlán. Má éiríonn le hiarrthóirí sa scrúdú, bronnfar teastas orthu de réir na ngrád thíos.

Bonnleibhéal 1 (A1) Bonnleibhéal 2 (A2)
50-64% Pas 50-64% Pas
65-79% Pas le Tuillteanas 65-79% Pas le Tuillteanas
80-100% Pas le Gradam 80-100% Pas le Gradam

Meánleibhéal 1 (B1) Meánleibhéal 2 (B2)
50-64% Pas 50-64% Pas
65-79% Pas le Tuillteanas 65-79% Pas le Tuillteanas
80-100% Pas le Gradam 80-100% Pas le Gradam

Ardleibhéal 1 (C1)
60 % Pas *
80-100% Pas le Gradam
*Caithfidh iarrthóirí íosmharc 10% (as 20%) a fháil i ngach rannóg sa scrúdú le bheith i dteideal pas a fháil sa scrúdú iomlán. Féach Scrúdú Ardleibhéal 1 (C1) le tuilleadh eolais a fháil.


Beidh an céatadán a ghnóthaigh an t-iarrthóir i ngach rannóg ag gach leibhéal le feiceáil ar an teastas a bhronnfar.

I gcás Mheánleibhéal 2 (B2), is fiú 25% gach rannóg sa scrúdú (labhairt/cluastuiscint/léamhthuiscint/scríbhneoireacht).

I gcás Ardleibhéal 1 (C1), is fiú 20% gach rannóg sa scrúdú (labhairt/cluastuiscint/léamhthuiscint/scríbhneoireacht/úsáid na Gaeilge). Beidh an céatadán a ghnóthaigh an t-iarrthóir i ngach rannóg le feiceáil ar an teastas ag an leibhéal seo.

Más páirtchreidiúint atá á fáil ag an iarrthóir, léireofar go sonrach ar an teastas na marcanna a bhain an t-iarrthóir amach sa scrúdú cainte amháin.

Ar ais go barr
graphic
An féidir liom rannóga éagsúla sa scrúdú a dhéanamh ag amanna faoi leith?

Ó 2012, is féidir le foghlaimeoirí Gaeilge páirtchreidiúint a fháil i labhairt na teanga sna leibhéil ar fad. Má éiríonn le hiarrthóirí sa scrúdú cainte, gheobhaidh siad teastas a léiríonn an cumas atá acu sa Ghaeilge labhartha. Léireofar go soiléir na marcanna a bhain an t-iarrthóir amach sa scrúdú cainte. Beidh sé soiléir ar an teastas chomh maith nach teastas iomlán de chuid TEG atá ann agus nár tástáladh ach cumas labhartha an iarrthóra.

Is féidir le hiarrthóirí a fhaigheann an pháirtchreidiúint (an scrúdú cainte) ag Ardleibhéal 1 (C1) amháin, an cháilíocht iomlán a fháil gan an scrúdú cainte a dhéanamh arís má thugann siad faoin chuid eile den scrúdú taobh istigh de dhá bhliain. Mar shampla, má éiríonn le hiarrthóir an pháirtchreidiúint i Scrúdú Cainte Ardleibhéal 1 (C1) a fháil aon am in 2013 beidh aige/aici go dtí deireadh 2015 leis na codanna eile den scrúdú ag an leibhéal sin (Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Scríobh agus Úsáid na Gaeilge*) a dhéanamh chun an chreidiúint iomlán a bhaint amach.

I gcás Bhonnleibhéal 1 (A1) - Meánleibhéal 2 (B2), beidh ar iarrthóirí tabhairt faoi gach gné den scrúdú in aon seisiún amháin le creidiúint iomlán a bhaint amach.

*Cuimhnigh go gcaithfear tabhairt faoi na codanna seo ar fad in aon seisiún amháin agus gur uair amháin in aghaidh na bliana a bhíonn na scrúduithe iomlána ar siúl de ghnáth.

Ar ais go barr
graphic
An féidir foclóirí a úsáid sna scrúduithe?

Ní féidir foclóirí a úsáid in aon cheann de na scrúduithe. Bíonn ceisteanna sna scrúduithe a dhéanann tástáil ar thuiscint na n-iarrthóirí ar fhocail agus ar fhrásaí faoi leith agus an chaoi ina n-úsáidtear iad.

Ar ais go barr
graphic
An gcaillfidh iarrthóirí marcanna má bhíonn focail litrithe mícheart acu sa scrúdú cluastuisceana?

Ag na bonnleibhéil (Bonnleibhéal 1 (A1) agus Bonnleibhéal 2 (A2)) glactar leis nach mbeidh an litriú iomlán ceart ag iarrthóirí i gcónaí. Mar sin, glacfar leis an litriú más féidir a aithint cad é atá ann, mar shampla, 'diardain' in ionad 'Déardaoin'. Má tharlaíonn sé go ndéantar focal faoi leith a litriú amach os ard ar an taifeadadh, beifear ag súil leis go mbeidh an litriú i gceart ag iarrthóirí.

Ag na leibhéil eile, ní chaillfidh iarrthóirí marcanna as botúin litrithe chomh fada agus atá an méid a scríobhann siad sothuigthe agus soiléir do na scrúdaitheoirí.

Ar ais go barr
graphic
Cad é is féidir le hiarrthóirí a dhéanamh mura dtuigeann siad na treoracha a thugtar ag tús an scrúdaithe nó sa scrúdú cainte?

Is féidir le hiarrthóirí iarraidh ar an scrúdaitheoir na treoracha a rá arís agus ní chaillfidh siad marcanna as sin a dhéanamh. Sin ráite, ar mhaithe le cothromaíocht, ní féidir leis an scrúdaitheoir aon eolas breise a thabhairt seachas na treoracha a athrá.

Ar ais go barr
graphic
An bhfuil aon teorainn maidir le haois na n-iarrthóirí?

Níl aon teorainn aoise i gceist d'iarrthóirí ar mhaith leo aon cheann de scrúduithe TEG a dhéanamh. Sin ráite, tá na téacsanna agus na tascanna dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta den chuid is mó.

Ar ais go barr
graphic
An gcaithfidh mé freastal ar chúrsa Gaeilge chun aon cheann de na scrúduithe a dhéanamh?

Ní chaithfidh. Cé go bhfuil go leor eagraíochtaí a bhíonn ag múineadh Gaeilge in Éirinn agus thar lear ag úsáid na siollabas agus an ábhair theagaisc ar a bhfuil TEG bunaithe, ní gá freastal ar aon chúrsa faoi leith ná úsáid a bhaint as ábhar foghlama faoi leith le tabhairt faoi na scrúduithe. Sin ráite, is cinnte gur cabhair é freastal ar chúrsa a chuireann riachtanais na scrúduithe san áireamh.

Ar ais go barr
graphic
Cé chomh minic is a bhíonn na scrúduithe ar siúl?

Bíonn na scrúduithe ar siúl uair amháin in aghaidh na bliana. Meánleibhéal 1 (B1)/Meánleibhéal 2 (B2) i mí an Aibreáin. Bonnleibhéal 1 (A1)/Bonnleibhéal 2 (A2) i mí na Bealtaine. Ardleibhéal 1 (C1) i mí Eanáir.

Má tá iarrthóirí ag iarraidh an scrúdú cainte amháin a dhéanamh, is féidir leo é a dhéanamh ag an am sin (Aibreán nó Bealtaine) nó ag amanna eile sa bhliain in ionaid áitiúla ach é seo a shocrú le Foireann TEG. Tabhair faoi deara go bhfuil íosmhéid 15 duine ag teastáil don socrú seo.

Ar ais go barr
graphic
Cad é mar is féidir liom clárú do cheann de na scrúduithe?

Is féidir clárú agus íoc ar líne ó Feabhra 2014 ar aghaidh. Tá tuilleadh eolais anseo.

Gheobhaidh tú litir 10 lá roimh dháta an scrúdaithe ina mbeidh eolas mar gheall ar an dáta agus ar an am a mbeidh na scrúduithe ar siúl, mar aon le treoracha go dtí an halla scrúdaithe in Ollscoil na hÉireann Má Nuad, nó go dtí an t-ionad scrúdaithe cuí.


Ar ais go barr
graphic
Cén costas a bhaineann leis na scrúduithe?

Eolas anseo.


Ar ais go barr
graphic
Cad iad na modhanna íocaíochta?


Is féidir clárú agus íoc ar líne ó Feabhra 2014 ar aghaidh. Tá tuilleadh eolais anseo.

Cuirfear aisíocaíocht iomlán ar fáil d’iarrthóir a dhéanann a (h)iarratas a tharraingt siar suas go dtí 10 lá roimh dháta cibé scrúdaithe atá i gceist. Má dhéanann iarrthóir iarratas a tharraingt siar níos moille ná sin ní thabharfar aon aisíocaíocht ach sa chás go gcuirtear teastas dochtúra nó fianaise eile, atá inghlactha ag Ionad na dTeangacha, ar fáil. Ba cheart cur in iúl d’Ionad na dTeangacha, tríd an ríomhphost, má tá sé i gceist ag iarrthóir tarraingt siar.



Ar ais go barr
graphic
Cá bhfuil TEG aitheanta?


Tá TEG i measc na riachtanas iontrála atá aitheanta ag na heagraíochtaí seo do chúrsaí, scéimeanna agus gradaim éagsúla:

Na Coláistí Oideachais

Ar ais go barr
graphic
An nglactar le TEG mar cheann de na riachtanais iontrála do chúrsaí iarchéime sa Bhunoideachas ?

Glactar. Tá Meánleibhéal 2 (B2) TEG aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Chomhairle Mhúinteoireachta agus na Coláistí Oideachais mar cheann de na cáilíochtaí Gaeilge a shásaíonn na riachtanais iontrála do chúrsaí iarchéime sa bhunoideachas.


Ar ais go barr graphic
Is iarrthóir faoi mhíchumas mé. An féidir liom scrúdú TEG a dhéanamh?

Tá polasaí ag Ionad na dTeangacha réimse tacaíochtaí a chur ar fáil le cinntiú go mbeidh rochtain iomlán ar scrúduithe TEG ag iarrthóirí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil deacrachtaí foghlama faoi leith acu agus cuirtear na tacaíochtaí agus socruithe réasúnacha ar fáil nuair is gá. Ní mór d’iarrthoirí le míchumas/deacracht foghlama fianaise de seo a chur ar fáil d’Ionad na dTeangacha ag am cláraithe. Más mian leat do chuid riachtanas a phlé, dean teagmháil linn ar 01 708 6417 nó cuir ríomhphost chuig aisling.nibheachain@nuim.ie.


Ar ais go barr graphic
Má tá ceisteanna eile agam?

Má tá ceisteanna eile agat, is féidir teagmháil a dhéanamh le hIonad na dTeangacha:

graphic teanga@nuim.ie
graphic00 353 1 7083737   /   7086417
graphicIonad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Co. Chill Dara.

Ar ais go barr

   

graphic
Baile :: Maidir le TEG :: Maidir le scrúduithe :: Eolas & moltaí :: Naisc & acmhainní :: Ceisteanna coitianta :: Nuacht :: Teagmháil
graphic graphic
 
graphic
graphic
graphic graphic graphic graphic graphic
 © TEG 2006 Gach ceart cosanta | Téarmaí & Coinníollacha
graphic
home home