pic pic pic
teg logo teg logo pic Maidir le TEG
pic
pic pic pic pic pic Naisc & acmhainní
pic
pic Ceisteanna coitianta
pic
pic Nuacht
pic
pic Teagmháil
pic
pic
teg logo
teg logo english version
pic pic
arrowNuacht

 

Déantar athnuachan ar an leathanach seo ar bhonn rialta

Lúnasa 2014

TEASTAS EORPACH NA GAEILGE - TAIRISCINT SPEISIALTA DO DHALTAÍ MEÁNSCOILE IN 2015. Tuilleadh eolais anseo.

Bealtaine 2014

Tá Teastas Eorpach na Gaeilge agus Oideas Gael ag obair i gcomhpháirtíocht chun deis a thabhairt do fhoghlaimeoirí Gaeilge ar chúrsaí Oideas Gael scrúdú cainte a dhéanamh agus teastas TEG a bhaint amach an samhradh seo. Más suim leat scrúdú cainte a dhéanamh in Oideas Gael an samhradh seo, is féidir iarratas a dhéanamh anseo. Chun tuilleadh eolais a fháil cliceáil anseo.

Deireadh Fómhair 2013

Tá Nuachlitir TEG ar fáil anois anseo.

Meán Fómhair 2013

Beidh Scrúdú TEG C1 (Ardleibhéal) ar siúl ar an 24 agus 25 Eanáir 2014 in Ollscoil na hÉireann Má Nuad. Déanann an scrúdú seo tástáil ar chumas ginearálta teanga ag ardleibhéal agus tá sé oiriúnach do dhaoine a úsáideann an Ghaeilge go sóisialta, ina saol gairmiúil agus/nó ina saol acadúil. Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar pháipéir scrúdaithe shamplacha C1 anseo: http://www.teg.ie/gaeilge/paipeir_shamplacha.htm nó cuir glaoch ar (01) 708 6417. Lánchreidiúint agus páirtchreidiúint ar fáil.

Bealtaine 2013

An bhfuil tú ag dul go hOideas Gael sa samhradh?

Déan scrúdú TEG ann ag deireadh do chúrsa Gaeilge!

Tá TEG agus Oideas Gael ag obair i gcomhpháirtíocht chun deis a thabhairt do fhoghlaimeoirí Gaeilge a bheidh ag freastal ar chúrsaí Gaeilge i nGleann Cholm Cille i mbliana scrúdú cainte a dhéanamh agus teastas TEG a bhaint amach.

Ag brath ar éileamh, beidh scrúdaitheoirí TEG i nGleann Cholm Cille ar na dátaí seo chun scrúduithe cainte a reáchtáil: 6 Iúil agus 20 Iúil 2013. Is féidir le foghlaimeoirí a bheidh cláraithe ar chúrsaí Oideas Gael ag na hamanna seo scrúdú cainte TEG a dhéanamh. Bronnfar teastas TEG (páirtchreidiúint) orthusan a n-éireoidh leo sna scrúduithe cainte.

Is é TEG an chéad chóras cáilíochta do dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge. Bunaíodh TEG i 2005 agus tá scrúduithe déanta ag beagnach 3000 duine in Éirinn agus thar lear ó shin i leith. Cabhraíonn an córas le foghlaimeoirí a gcuid staidéir a phleanáil agus aitheantas a fháil ar an dul chun cinn atá déanta acu.

Rinne Ailish Bhreathnach, teagascóir le Gaeilge in Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad Scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1) le déanaí. “Thug mise faoi scrúdú C1 TEG chun léargas a fháil ar leibhéal na scileanna teanga atá agam mar úsáideoir Gaeilge. Thug an scrúdú barúil chruinn dom de na láidreachtaí teanga atá agam agus na rudaí ar mhaith liom feabhas a chur orthu go fóill. Shíl mé go raibh sé riachtanach dom féin é seo a mheas mar gheall gur teagascóir Gaeilge mé."

Beidh scrúduithe cainte ar fáil ag na leibhéil seo in Oideas Gael:

  • A1 (Bonnleibhéal 1)
  • A2 (Bonnleibhéal 2)
  • B1 (Meánleibhéal 1)
  • B2 (Meánleibhéal 2) 20 Iúil amháin
  • C1 (Ardleibhéal 1) 20 Iúil amháin

Beidh comhairle ar fáil maidir le leibhéil ó mhúinteoirí Oideas Gael agus ó fhoireann TEG.

Chun clárú agus íoc don scrúdú cainte, téigh díreach anseo.

Táille Scrúdaithe: €50 le híoc le TEG ag am cláraithe.

Déan teagmháil le teanga@nuim.ie nó ar (01) 708 6417 / 3737.

Bealtaine 2013

  • Tá an fhoirm iarratais agus íocaíochta do iarrthóirí ó Oideas Gael amháin ar fáil anseo.

  • Eanáir 2013

  • Is féidir teacht ar áiseanna agus tuilleadh eolais faoi scrúduithe Bhonnleibhéal 1 (A1) - Ardleibhéal 1 (C1) anseo.

  • Meán Fómhair 2012

    Páirtchreidiúint TEG ar fáil ón bhFómhar seo!

    Is mian le hIonad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad a fhógairt go mbeidh páirtchreidiúint ar fáil ó Fhómhar 2012 do dhaoine gur mhaith leo an scrúdú cainte amháin a dhéanamh.

    Mar sin, beidh dhá rogha ag iarrthóir gur mhaith leo cáilíocht sa Ghaeilge a bhaint amach:

        

    1. Scrúdú iomlán TEG a dhéanamh in Aibreán/Bealtaine agus creidiúint iomlán a fháil

        

    2. An scrúdú cainte amháin a dhéanamh in Aibreán/Bealtaine agus páirtchreidiúint a fháil.

    Beidh Ionad na dTeangacha sásta scrúduithe cainte a reachtáil ag amanna eile i rith na bliana do ghrúpa in ionaid ar fud na tíre.

  • Iúil 2011

    Aitheantas faighte ag TEG ón gComhairle Mhúinteoireachta

    Tá aitheantas oifigiúil faighte ag Ionad na dTeangacha, OÉ Má Nuad ón Roinn Oideachais agus Scileanna do Leibhéal B2 Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Ciallaíonn sé seo go sásaíonn TEG Leibhéal B2 na critéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san Oideachas sna coláistí oideachais.

    Is deis iontach é seo do dhaoine gur mhaith leo dul le gairm na múinteoireachta nach bhfuil na riachtanais iontrála chuí acu do na coláistí oideachais, mar shampla, Gaeilge Ardleibhéal na hArdteistiméireachta. Neamhchosúil leis an siollabas agus an scrúdú Ardteistiméireachta, tá siollabais agus scrúduithe TEG dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, rud a chuireann go mór leis an taithí foghlama.

    Tá cúrsaí ullmhúcháin do scrúduithe TEG ar siúl in ionaid oideachais éagsúla ar fud na tíre. Cuireann Ionad na dTeangacha ábhar teagaisc agus tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí agus do fhoghlaimeoirí saor in aisce ag www.teg.ie. Chun tuilleadh eolais a fháil cuir glaoch ar (01) 708 6417/3737 nó cuir rphost chuig teanga@nuim.ie.

    Siollabas Mheánleibhéil 2 (B2)
    Ábhar teagaisc Mheánleibhéil 2 (B2)
    Páipéir shamplacha

  • Do mhúinteoirí meánscoile: ar mhaith libh daltaí idirbhliana a chur isteach ar scrúduithe TEG? Tá tuilleadh eolais anseo.
  • Tuairiscí Scrúduithe TEG (Scrúdú Bhonnleibhéal 1 – Scrúdú Mheánleibhéal 2) ar fáil anois. Tá cur síos sna tuairiscí seo ar gach gné de na scrúduithe ó cuireadh tús leo in 2005/2006. Is féidir teacht orthu ar an leathanach seo.
  • Moltar do mhúinteoirí staidéar a dhéanamh arís ar pháipéir shamplacha B1 agus B2 mar go bhfuil uasdátú déanta orthu chun go mbeidh siad ag teacht go hiomlán leis na hathruithe atá curtha i bhfeidhm againn ar na scrúduithe sin le bliain anuas.

  •    

    pic
    Baile :: Maidir le TEG :: Maidir le scrúduithe :: Eolas & moltaí :: Naisc & acmhainní :: Ceisteanna coitianta :: Nuacht :: Teagmháil
    pic pic
     
    pic
    pic
    pic pic pic pic pic
     © TEG 2006 Gach ceart cosanta | Téarmaí & Coinníollacha
    pic
    home home