Sa rannóg seo den suíomh, gheobhaidh iarrthóirí agus múinteoirí tuilleadh eolais mar gheall ar scrúduithe TEG, mar shampla, roinnt na marcanna idir na ceithre chuid den scrúdú agus treoir maidir leis na huaireanta staidéir is gá a dhéanamh chun caighdeán an scrúdaithe a bhaint amach. Tá treoirlínte ar fáil anseo freisin maidir le cur isteach ar an scrúdú agus tabhairt faoi ar lá an scrúdaithe féin.
Sa chuid seo den suíomh freisin, tá moltaí ar fáil do mhúinteoirí a bhfuil foghlaimeoirí dá gcuid ag iarraidh cur isteach ar na scrúduithe. Mar shampla, tagraítear don chur chuige sa rang a bheadh oiriúnach chun na foghlaimeoirí a ullmhú don scrúdú.
Mar áis d'fhostóirí, déantar cur síos ar a bhfuil i gceist leis na leibhéil éagsúla de TEG, go háirithe na scileanna ar féidir leis an bhfostóir bheith ag súil leo ón bhfoghlaimeoir a bhfuil teastas TEG faighte aige/aici ag leibhéal áirithe.
Tá Tuairiscí Scrúduithe TEG (Scrúdú Bhonnleibhéal 1 (A1) – Scrúdú Mheánleibhéal 2 (B2)) ar fáil anois.
Tá cur síos sna tuairiscí seo ar gach gné de na scrúduithe ó cuireadh tús leo in 2005/2006. Déantar cur síos sna tuairiscí ar chuid de na botúin is coitianta a dhéanann iarrthóirí agus tugtar moltaí agus comhairle a chabhróidh le múinteoirí agus le hiarrthóirí araon.
Tuarascáil Bhonnleibhéal 1 (A1)
Tuarascáil Bhonnleibhéal 2 (A2)
Tuarascáil Mheánleibhéal 1 (B1)
Tuarascáil Mheánleibhéal 2 (B2)
|