graphic graphic graphic
teg logo teg logo graphic Maidir le TEG
graphic
graphic graphic graphic graphic graphic Naisc & acmhainní
graphic
graphic Ceisteanna coitianta
graphic
graphic Nuacht
graphic
graphic Teagmháil
graphic
graphic
teg logo
  Eolas & moltaí graphic
Eolas & moltaí
Eolas & moltaí do mhúinteoirí
Eolas & moltaí d'iarrthóirí
arrow
Eolas d'fhostóirí
Ionaid teagaisc
 
 
 
 
 
 
teg logo english version
graphic graphic
arrowEolas & moltaí d'iarrthóirí

 

Eolas

graphicCé na leibhéil scrúdaithe atá ar fáil faoi láthair?
graphicAn scrúdú cainte nó scrúdú scríofa é TEG?
graphicTuairim is cé mhéad uair an chloig staidéir atá ag teastáil chun caighdeán scrúdaithe a bhaint amach?
graphicCén chaoi ar féidir liom clárú do scrúdú?
graphicCén áit a mbeidh na scrúduithe ar siúl agus cén lá?
graphicCén t-am a bheidh mo scrúdú cainte ar siúl?
graphicCén uair a gheobhaidh mé mo chuid torthaí?
graphicCén marc is gá a bhaint amach chun pas a ghnóthú?
graphicNílim sásta le mo chuid torthaí. Cad is féidir liom a dhéanamh?

Moltaí

graphicTreoracha d'iarrthóirí na scrúduithe
graphicTá roinnt ceisteanna breise agam mar gheall ar na scrúduithe

graphic
Cén leibhéil scrúdaithe atá ar fáil faoi láthair?

Faoi láthair, tá cúig scrúdú ar fáil. Tá na sonraí anseo.

Cuirfidh do mhúinteoir comhairle ort maidir leis an scrúdú is oiriúnaí don leibhéal cumais atá agat.

páipéir scrúdaithe samplacha, scrúduithe cluastuisceana samplacha agus scrúduithe cainte samplacha do na cúig leibhéal le fáil ar an suíomh gréasáin seo.

Ar ais go barr

graphic
An scrúdú cainte nó scrúdú scríofa é TEG?

Déantar tástáil ar na scileanna teanga ar fad i scrúduithe TEG. Tá dhá rogha ag iarrthóirí:

(i) An scrúdú iomlán a dhéanamh agus creidiúint iomlán a fháil (léamhthuiscint, scríobh, labhairt agus cluastuiscint)

(ii) An scrúdú cainte amháin a dhéanamh agus páirtchreidiúint a bhaint amach.

SCRÚDÚ IOMLÁN

Tá ceithre chuid i scrúdú Bhonnleibhéal 1 (A1) - Meánleibhéal 2 (B2): Labhairt, Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Scríbhneoireacht. Tá cúig chuid i scrúdú Ardleibhéal 1 (C1), na cinn atá luaite agus Úsáid na Gaeilge.

Bonnleibhéal 1 (A1) Bonnleibhéal 2 (A2)
Labhairt 40%
3 chuid (ceisteanna ginearálta/ról-imirt/cur síos ar phictiúir)
Labhairt 35%
3 chuid (ceisteanna ginearálta/ról-imirt/cur síos ar phictiúir)
Cluastuiscint 25%
4 cheist (meascán de cloze, ceisteanna ilroghnacha, meaitseáil, ceisteanna oscailte, srl.)
Cluastuiscint 25%
4 cheist (meascán de cloze, ceisteanna ilroghnacha, meaitseáil, ceisteanna oscailte, srl.)
Léamhthuiscint 25%
5 cheist (meascán de cheisteanna ilroghnacha, ceisteanna oscailte, líon na bearnaí, srl.)
Léamhthuiscint 25%
6 cheist (meascán de cheisteanna ilroghnacha, ceisteanna oscailte, líon na bearnaí, abairtí le cur san ord ceart, srl.)
Scríbhneoireacht 10%
2 cheist (téacs a bhfuil bearnaí le líonadh ann agus cloze ilroghnach)
Scríbhneoireacht 15%
3 cheist (2 thasc scríbhneoireachta agus téacs a bhfuil bearnaí le líonadh ann)

Meánleibhéal 1 (B1) Meánleibhéal 2 (B2)
Labhairt 30%
2 chuid (comhrá ginearálta/ag cur síos ar phictiúir)
Labhairt 25%
2 chuid (comhrá ginearálta/ag cur síos ar phictiúir)
Cluastuiscint 25%
4 chuid (meascán de cheisteanna oscailte, ceisteanna ilroghnacha agus ceisteanna den mhúnla ‘fíor nó bréagach’ bunaithe ar fhógraí raidió, ar chomhráite agus agallaimh raidió)
Cluastuiscint 25%
4 chuid (meascán de cheisteanna oscailte, ceisteanna ilroghnacha agus ceisteanna den mhúnla ‘fíor nó bréagach’ bunaithe ar fhógraí raidió, ar chomhráite agus agallaimh raidió)
Léamhthuiscint 25%
3 cheist (meascán de cheisteanna ilroghnacha, ceisteanna oscailte, líon na bearnaí, srl.)
Léamhthuiscint 25%
3 cheist (meascán de cheisteanna ilroghnacha, ceisteanna oscailte, líon na bearnaí, srl.)
Scríbhneoireacht 20%
3 cheist (litir, teachtaireacht ríomhphoist agus téacs a bhfuil bearnaí le líonadh ann)
Scríbhneoireacht 25%
3 cheist (litir, teachtaireacht ríomhphoist agus téacs a bhfuil bearnaí le líonadh ann)

Ardleibhéal 1 (C1)
Labhairt 20%
3 chuid (cur i láthair / comhrá ginearálta / ag nochtadh tuairimí faoi phictiúir)
Cluastuiscint 20%
4 cheist (meascán de cheisteanna oscailte agus de cheisteanna ilroghnacha bunaithe ar chomhráite, agallaimh raidió, léachtaí srl.)
Léamhthuiscint 20%
4 cheist (meascán de cheisteanna ilroghnacha, ceisteanna oscailte, líon na bearnaí, srl.)
Scríbhneoireacht 20%
2 ceist (aiste nó alt agus léirmheas nó tuairisc nó litir nó ríomhphost, iarratas, teistiméireacht, srl.)
Úsáid na Gaeilge 20%
5 cheist (líon na bearnaí, abairtí le haistriú agus ceisteanna ar ghnéithe den ghramadach.

PÁIRTCHREIDIÚINT

Is féidir le hiarrthóirí an scrúdú cainte amháin a dhéanamh. Beidh leagan amach an scrúdaithe cainte mar atá mínithe sa ghreille thuas. Léireofar ar theastais na n-iarrthóirí a n-éiríonn leo sa scrúdú cainte, na marcanna a bhain siad amach sa scrúdú cainte amháin.

Ar ais go barr

graphic
Tuairim is cé mhéad uair an chloig staidéir atá ag teastáil chun caighdeán scrúdaithe a bhaint amach?
  • Maidir le hiarrthóirí ar mian leo tabhairt faoi Bhonnleibhéal 1 (A1), moltar go mbeadh timpeall 80-100 uair an chloig caite acu ag déanamh staidéir ar an teanga / ag freastal ar ranganna. Maidir leo siúd ar mhaith leo Bonnleibhéal 2 (A2) a dhéanamh, moltar go mbeadh 80-100 uair an chloig breise caite acu ag déanamh staidéir ar an teanga / ag freastal ar ranganna.
  • Maidir le hiarrthóirí ar mian leo tabhairt faoi Mheánleibhéal 1 (B1), moltar go mbeadh timpeall 350-400 uair an chloig caite acu ag déanamh staidéir ar an teanga / ag freastal ar ranganna.  Maidir leo siúd ar mhaith leo Meánleibhéal 2 (B2) a dhéanamh, moltar go mbeadh 150-200 uair an chloig breise caite acu ag déanamh staidéir ar an teanga nó ag freastal ar ranganna.
  • Maidir leo siúd ar mhaith leo Ardleibhéal 1 (C1) a dhéanamh, moltar go mbeadh timpeall 1,000 uair an chloig breise caite acu ag déanamh staidéir ar an teanga / ag freastal ar ranganna.
Léiríonn an tábla thíos líon na n-uaireanta atá ag teastáil chun caighdeán gach leibhéil a bhaint amach:

Fráma Tagartha Uaireanta staidéir/foghlama Siollabas na Gaeilge
Bonnleibhéal 1 (A1) 80-100 Siollabas Bhonnleibhéal 1 (A1)
Bonnleibhéal 2 (A2) 160-200 Siollabas Bhonnleibhéal 2 (A2)
Meánleibhéal 1 (B1) 350-400 Siollabas Mheánleibhéal 1 (B1)
Meánleibhéal 2 (B2) 500-600 Siollabas Mheánleibhéal 2 (B2)
Ardleibhéal 1 (C1) 1,000 Siollabas Ardleibhéal 1 (C1)
Ardleibhéal 2 (C2) 1,500 Siollabas Ardleibhéal 2 (C2)

Ar ais go barr
graphic
Cén chaoi ar féidir liom clárú do scrúdú?

Gach eolas anseo.

Ar ais go barr
graphic
Cén áit a mbeidh na scrúduithe ar siúl agus cén lá?

Gach eolas anseo

. Ar ais go barr
graphic
Cén t-am a bheidh mo scrúdú cainte ar siúl?
  • Beidh eolas le fáil ar an fhoirm iarratais maidir le hamanna do na scrúduithe cainte. Cuirfear in iúl duit sa litir a chuirfear chugat coicís roimh an scrúdú, cén t-am go díreach a bheidh do scrúdú cainte ar siúl.

Ar ais go barr
graphic
Cén uair a gheobhaidh mé mo chuid torthaí?

  • Gheobhaidh tú do chuid torthaí tríd an bpost idir 6-8 seachtaine tar éis duit an scrúdú a dhéanamh. Má éiríonn leat sa scrúdú, gheobhaidh tú do theastas go luath ina dhiaidh sin.

graphic
Cén marc is gá a bhaint amach chun pas a ghnóthú? Bronnfar na gráid seo a leanas sna scrúduithe:
A1 A2
50-64% Pas 50-64% Pas
65-79% Pas le Tuillteanas 65-79% Pas le Tuillteanas
80-100% Pas le Gradam 80-100% Pas le Gradam

B1 B2
50-64% Pas 50-64% Pas
65-79% Pas le Tuillteanas 65-79% Pas le Tuillteanas
80-100% Pas le Gradam 80-100% Pas le Gradam

C1
60 % Pas *
80-100% Pas le Gradam
*Caithfidh iarrthóirí íosmharc 10% (as 20%) a fháil i ngach rannóg sa scrúdú le bheith i dteideal pas a fháil sa scrúdú iomlán. Féach Scrúdú Ardleibhéal 1 le tuilleadh eolais a fháil.

Ar ais go barr
graphic
Nílim sásta le mo chuid torthaí. Cad is féidir liom a dhéanamh?

Athchomharc
Má tá iarrthóir ag iarraidh go ndéanfaí na marcanna a athsheiceáil is féidir é sin a iarraidh suas go dtí 14 lá tar éis eisiúint na dtorthaí scrúdaithe . Ní bheidh aon chostas ag baint leis seo. Déanfar torthaí na hathsheiceála a phlé le hiarrthóirí tríd an ríomhphost nó ar an ghuthán.

Má tá iarrthóir ag iarraidh go ndéanfaí an scrúdú a athmharcáil go hiomlán is féidir é sin a iarraidh suas go dtí 14 lá tar éis eisiúint na dtorthaí scrúdaithe. Gearrfar táille €35 air seo. Déanfar torthaí na hathmharcála a phlé le hiarrthóirí tríd an ríomhphost nó ar an ghuthán.

Ar ais go barr

graphic
Treoracha d'iarrthóirí na scrúduithe

A. Le linn duit bheith ag comhlánú na foirme iarratais:

  1. Déan cinnte gurb ionann d'ainm faoi mar atá scríofa ar an fhoirm iarratais agus faoi mar atá ar an chruthúnas aitheantais a bheidh ort a sholáthar lá an scrúdaithe
  2. Má tá tú faoi mhíchumas, cuir é sin in iúl ar an fhoirm iarratais chun go mbeimid in ann na socruithe cuí a dhéanamh. Tá sé d'aidhm againn freastal ceart agus cóir a dhéanamh ar gach duine ar mian leis na scrúduithe seo a dhéanamh.

Ar ais go barr
graphic
B. Roimh an Scrúdú
  1. Ba cheart go mbeadh d’uimhir scrúdaithe faighte agat 10 lá roimh dháta an scrúdaithe. Mura bhfuil sí faighte agat cuir glaoch ar Ionad na dTeangacha: (01) 7083737.
  2. Déan cinnte go bhfuil tú eolach ar na nithe seo a leanas:
graphicleagan amach an pháipéir scrúdaithe
graphicna rannóga éagsúla sa pháipéar
graphiccéatadán na marcanna atá ag dul do gach rannóg
graphicna cineálacha ceisteanna agus tascanna a bhíonn i ngach rannóg
graphicna treoracha a bhaineann leis an scrúdú cainte
graphicna rannóga éagsúla sa scrúdú cainte Ar ais go barr
graphic
C. Lá an Scrúdaithe
  1. Déan cinnte go mbíonn go leor ama agat leis an halla scrúdaithe a bhaint amach. Ba cheart go mbeifeá ag an halla timpeall 15 nóiméad roimh thús an scrúdaithe. Cuirfear léarscáil ar fáil duit, ach cuimhnigh má tá sé i gceist agat an scrúdú a dhéanamh i Má Nuad gur áit mhór í an ollscoil agus go dtógfaidh sé tamall ort áit pháirceála a aimsiú agus an halla scrúdaithe a bhaint amach.
  2. Cuimhnigh nach scaoilfear isteach iarrthóirí atá déanach mar go gcuirfeadh sé sin as do dhaoine eile a bheidh i mbun an scrúdaithe.
  3. BÍODH CRUTHÚNAS AITHEANTAIS LEAT A BHFUIL DO PHICTIÚR AIR. GLACFAR LE PAS REATHA, LE CEADÚNAS TIOMÁNA REATHA NÓ LE CÁRTA AITHEANTAIS NÁISIÚNTA REATHA. NÍ GHLACFAR LE HAON CHRUTHÚNAS EILE. Mura bhfuil cruthúnas aitheantais inghlactha agat ar lá an scrúdaithe, ní cheadófar duit an scrúdú a dhéanamh.
  4. Ná déan dearmad den uimhir scrúdaithe a cuireadh chugat. Beidh sí ag teastáil le scríobh ar an pháipéar scrúdaithe.
  5. Ba cheart fóin phóca a mhúchadh ar fad sula dtéitear isteach sa halla scrúdaithe. Ní leor an fhuaim a chasadh as.
Ar ais go barr
graphic
D. Sa halla Scrúdaithe
  1. Beidh ort málaí agus cótaí móra a fhágáil in áit faoi leith sa halla scrúdaithe. Tabharfaidh na feitheoirí treoracha duit.
  2. Déanfaidh an feitheoir do chruthúnas aitheantais a sheiceáil agus inseoidh sé/sí duit cá bhfuil do shuíochán.
  3. Ba cheart go dtabharfá pinn, pinn luaidhe agus a leithéid leat.
  4. Cuimhnigh nach gceadaítear aon leabhar, aon fhoclóir ná aon pháipéar a thabhairt isteach sa halla scrúdaithe. Beidh ort gach freagra a scríobh ar an pháipéar scrúdaithe.  Cuirfear páipéar garbh agus pinn bhreise ar fáil, más gá. 
  5. Éist go cúramach le cibé treoracha a thabharfaidh na feitheoirí.
  6. Beidh cead ag iarrthóirí a chríochnaíonn an scrúdú go luath an halla scrúdaithe a fhágáil aon am ó dheireadh an scrúdaithe éisteachta go dtí leathuair an chloig roimh dheireadh an scrúdaithe iomláin. Ní bheidh cead ag aon iarrthóir an halla scrúdaithe a fhágáil le linn leathuair dheireanach an scrúdaithe.
  7. Beidh feitheoir i do chuideachta má bhíonn ort dul go dtí an leithreas le linn an scrúdaithe.
  8. Inseoidh an príomhfheitheoir duit nuair nach mbeidh ach 10 nóiméad fágtha den scrúdú.
  9. Nuair a bheas an scrúdú críochnaithe, déan cinnte go bhfuil d'uimhir scrúdaithe scríofa ar gach leabhar freagraí a thabharfaidh tú do na feitheoirí. Fan i do shuíochán go mbeidh gach rud bailithe ag na feitheoirí.
Ar ais go barr
graphic
E. Le Linn an Scrúdaithe
  1. Léigh gach ceist, agus na treoracha a théann le gach ceist, go cúramach.
  2. Bí cinnte go leanann tú na treoracha sin. Mar shampla, má deirtear tic a chur i mbosca amháin, cuimhnigh nach mbronnfar aon mharcanna má chuireann tú tic in dhá bhosca nó níos mó. Má deirtear nár cheart ach focal amháin a scríobh mar fhreagra nó focal amháin a scríobh i mbearna, ba cheart duit cloí leis an treoir sin. Tá an chontúirt ann go gcaillfidh tú marcanna mura gcloíonn tú leis na treoracha atá leagtha síos.
  3. Má bhíonn píosa le scríobh, cloígh leis le teorainn na bhfocal a leagtar síos.
  4. Tabhair aird faoi leith ar an pheannaireacht le linn an scrúdaithe. Tá sé tábhachtach go mbeidh an scrúdaitheoir in ann do chuid freagraí a léamh gan stró chun go mbeidh sé/sí in ann caitheamh go cothrom leat.
  5. Déan cúram faoi leith den litriú agus go háirithe de na nithe seo a leanas: sínte fada, lánstadanna agus ceannlitreacha.
Ar ais go barr
graphic
F. Treoracha don Scrúdú Cainte
  1. Déan cinnte go bhfuil a fhios agat cá mbeidh an scrúdú cainte ar siúl.
  2. Beidh d'uimhir scrúdaithe agus do chruthúnas aitheantais ag teastáil uait.
  3. Seiceáil na treoracha don scrúdú cainte. Do scrúduithe A1 agus A2 is gá don iarrthóir bheith i láthair 5 nóiméad roimh ré chun ullmhú don rólimirt.
  4. Cuimhnigh go ndéanfar an scrúdú cainte a thaifeadadh.
Ar ais go barr
graphic
Tá roinnt ceisteanna breise agam mar gheall ar na scrúduithe

Má bhíonn tuilleadh eolais ag teastáil uait mar gheall ar ghné ar bith eile de na scrúduithe nach bpléitear ar an suíomh gréasáin seo, scríobh chuig teanga@nuim.ie nó cuir glaoch ar (01) 708 3737.

Ar ais go barr
   

graphic
Baile :: Maidir le TEG :: Maidir le scrúduithe :: Eolas & moltaí :: Naisc & acmhainní :: Ceisteanna coitianta :: Nuacht :: Teagmháil
graphic graphic
 
graphic
graphic
graphic graphic graphic graphic graphic
 © TEG 2006 Gach ceart cosanta | Téarmaí & Coinníollacha
graphic
home home