Tá Ionad na dTeangacha tar éis córas teastasaithe a fhorbairt d'fhoghlaimeoirí fásta atá ag foghlaim Gaeilge. Faoi láthair, tá siollabais agus scrúduithe ar fáil ag cúig leibhéal cumais:
Bonnleibhéal 1 (A1)
Bonnleibhéal 2 (A2)
Meánleibhéal 1 (B1)
Meánleibhéal 2 (B2)
Ardleibhéal 1 (C1)
Beidh siollabas agus scrúduithe ar fáil d'Ardleibhéal 2 (C2) amach anseo.
Más múinteoir meánscoile tú is féidir leat teacht ar an eolas ar fad anseo.
Cabhraigh leis na hiarrthóirí eolas a chur ar na rannóga éagsúla sa scrúdú agus na cineálacha ceisteanna agus tascanna atá le fáil i ngach rannóg. Is féidir ceisteanna agus tascanna den chineál céanna a chleachtadh sa rang agus a thabhairt dóibh mar obair bhaile.
- Mol do na hiarrthóirí cloí leis na treoracha a leagtar síos sna ceisteanna. Mar shampla, ba cheart dóibh cloí leis an líon focal a leagtar síos nuair a bhíonn píosa scríbhneoireachta le déanamh acu. Nuair a bhíonn tic le cur i mbosca amháin nó focal amháin le cur i mbearna, ba cheart do na hiarrthóirí cloí leis na treoracha sin nó tá an baol ann go gcaillfidh siad marcanna.
- Toisc gur féidir le hiarrthóirí páirtchreidiúint don chumas labhartha a fháil anois, déan deimhin go bhfuil do chuid foghlaimeoirí ar an eolas maidir leis an deis seo. Beidh Foireann TEG sásta scrúduithe cainte a chur ar siúl go háitiúil ag amanna éagsúla i gcaitheamh na bliana ach íosmhéid 15 duine a bheith sa ghrúpa.
- Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh iarrthóirí eolach ar an leagan amach atá ar an scrúdú cainte. Is minic a éiríonn iarrthóirí neirbhíseach agus iad ag dul i mbun an scrúdaithe agus, mar sin, is mór an chabhair dóibh má bhíonn siad breá eolach ar cad é go díreach atá i gceist. Ba cheart go mbeadh na cineálacha gníomhaíochtaí atá sa scrúdú cainte (mar shampla, ceisteanna ginearálta bunaithe ar an siollabas, rólghníomhaíochtaí agus cur síos ar phictiúir) mar chuid lárnach den chur chuige sa seomra ranga ionas go mbeidh iarrthóirí compordach lá an scrúdaithe féin.
- Tá gach faoi chóras TEG le fáil ar an suíomh seo. Tugtar eolas faoi na siollabais, scrúduithe samplacha agus ábhair theagaisc.
- Tá sé tábhachtach go gcuirfí iarrthóirí ar an eolas faoi na cineálacha ceisteanna a bhíonn i scrúduithe TEG agus go ndéanfaí cleachtadh leo go rialta ar na ceisteanna sin. Tá ábhar samplach teagaisc le fáil ar an suíomh chomh maith.
- Tá sé fíorthábhachtach go ndéanfadh múinteoirí na Tuairiscí a théann le scrúduithe Bhonnleibhéal 1 (A1) - Meánleibhéal 2 (B2) a léamh go cúramach. (Nasc anseo).
- Maidir leis an fhoirm iarratais: ba cheart don mhúinteoir cabhrú leis na daltaí na foirmeacha a líonadh agus ansin ba cheart don mhúinteoir na foirmeacha ar fad a sheoladh chuig Ionad na dTeangacha in aon bheart amháin móide an táille scrúdaithe do gach dalta.
- I gcás go mbeidh níos mó ná rang amháin ó scoil faoi leith ag cur isteach ar scrúdú nó scrúduithe TEG, moltar go mbeadh múinteoir amháin freagrach as próiseáil na n-iarratas agus as an teagmháil le hIonad na dTeangacha.
|