pic pic pic
teg logo teg logo pic Maidir le teg
pic
pic pic pic pic pic Naisc & acmhainní
pic
pic Ceisteanna coitianta
pic
pic Nuacht
pic
pic Teagmháil
pic
pic
teg logo
teg logo english version
pic pic
arrowScoileanna

 

Teastas Eorpach na Gaeilge

Is éard atá in Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ná córas scrúduithe agus creidiúnaithe d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge. Tá na siollabais agus na scrúduithe i gcóras TEG ag teacht leis na leibhéil atá leagtha amach sa Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do na Teangacha: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (Comhairle na hEorpa, 2001). Tá córais scrúduithe den chineál seo, atá bunaithe ar an Fhráma Tagartha, in úsáid i bhformhór na dtíortha san Eoraip cheana. Tá siollabais, scrúduithe samplacha agus ábhar teagaisc ar fáil don Ghaeilge ag cúig leibhéal faoi láthair agus is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na leibhéil sin anseo.

Teastas Eorpach na Gaeilge agus na meánscoileanna

Tá scrúduithe TEG á ndéanamh ag daltaí meánscoile i scoileanna timpeall na tíre le roinnt blianta anuas. Tá córas scrúduithe TEG oiriúnach do:

  • dhaltaí san idirbhliain
  • dhaltaí sa 5ú/6ú bliain atá ag ullmhú do scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta

Tá dhá rogha ann maidir le TEG agus daltaí meánscoile. Is féidir leo:

  • Cáilíocht iomlán a fháil (is é sin, an scrúdú iomlán a dhéanamh – léamhthuiscint, cluastuiscint, scríbhneoireacht agus labhairt) nó
  • Páirtchreidiúint a fháil (is é sin, an scrúdú cainte amháin a dhéanamh)

Tá siollabas, scrúduithe samplacha agus ábhar teagaisc cuimsitheach ag dul le gach ceann de na leibhéil sin i gcóras TEG atá oiriúnach do dhaltaí meánscoile. Is iad na leibhéil atá i gceist ná Bonnleibhéal 1, Bonnleibhéal 2, Meánleibhéal 1 agus Meánleibhéal 2. Tugann na siollabais agus an t-ábhar teagaisc sprioc an-chinnte foghlama do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí araon. Tá ábhar teagaisc, atá dírithe ar dhaltaí meánscoile, le fáil ar an suíomh www.ceacht.ie agus cabhróidh an t-ábhar seo le daltaí agus múinteoirí meánscoile a bhfuil sé i gceist acu tabhairt faoi aon cheann de scrúduithe TEG.

Bíonn an deis ag daltaí meánscoile scrúduithe TEG a dhéanamh i mí Aibreáin nó i mí na Bealtaine gach bliain. Bíonn na scrúduithe ar siúl in ionaid TEG ar fud na tíre nó i scoil na ndaltaí féin, ag brath ar líon na ndaltaí.


Na buntáistí atá le córas TEG do na meánscoileanna

Seo a leanas cuid de na buntáistí atá le córas TEG do dhaltaí Gaeilge meánscoile:

  • Faigheann siad cáilíocht sa Ghaeilge a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta ag dul léi
  • Faigheann siad taithí ar scrúdú cainte foirmiúil a dhéanamh, taithí a bheidh an-luachmhar dóibh siúd atá ag ullmhú do scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta
  • Faigheann siad an deis dul i ngleic le scileanna tábhachtacha cumarsáide a rachaidh chun tairbhe a gcuid scileanna foghlama teanga
  • Bíonn sprioc chinnte ag daltaí na hIdirbhliana nuair a bhíonn siad ag ullmhú do cheann de scrúduithe TEG.
  • Tá buntáistí le córas TEG don mhúinteoir meánscoile chomh maith:

  • Cabhraíonn scrúduithe TEG leo spriocanna cinnte foghlama a leagan síos do dhaltaí Gaeilge na hIdirbhliana
  • Is féidir leo leas a bhaint as an ábhar teagaisc atá le fáil ar www.teg.ie
  • Trí na torthaí a ghnóthaíonn a gcuid mac léinn, faigheann múinteoirí léiriú foirmiúil, iontaofa maidir le cumas a gcuid mac léinn sna scileanna éagsúla. Cabhraíonn a leithéid d’eolas leo agus iad i mbun teagaisc agus ag ullmhú a gcuid mac léinn do scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta
  • I ngach ceann de scrúduithe TEG bíonn ar iarrthóirí scrúdú cainte a dhéanamh. Tugann sé seo an deis do mhúinteoirí daltaí a ullmhú le dul i dtaithí ar scrúduithe cainte i suíomh foirmiúil le scrúdaitheoirí cainte oilte, neamhspléach
  • Cuireann foireann TEG aischothú ginearálta ar fáil don mhúinteoir a bhíonn i gceannas ar ghrúpa daltaí a thugann faoin scrúdú iomlán nó faoin pháirtchreidiúint sa chaint. Tugtar eolas faoi na buanna agus na laigí a léiríonn na daltaí sna scrúduithe agus cuirtear comhairle ghinearálta ar fáil maidir le straitéisí le cur le cumas teanga na ndaltaí.
  • Seo an méid a dúirt Joanne Ní Choileáin, múinteoir Gaeilge i gColáiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath, maidir le TEG sa scoil sin:

    "Tá Teastas Eorpach na Gaeilge ar bun againn i gColáiste Íosagáin le daltaí na hIdirbhliana le trí bliana anuas. Thosaíomar ar an scrúdú le sprioc chinnte a thabhairt do na daltaí ag deireadh na bliana agus toisc go bhfuil béaltriail sheachtrach mar chuid den mheasúnú. Ó tharla go bhfuil 40% de na marcanna san Ardteist ar an mbéaltriail anois, is deis iontach atá anseo do na daltaí díriú isteach ar an ngné seo den teanga. Chomh maith leis seo, déantar forbairt ar na scileanna eile teanga, léamhthuiscint, scríobh agus cluastuiscint.

    Is teastas le haitheantas idirnáisiúnta atá in TEG agus cuireann sé seo leis an stádas atá ag an teastas do na daltaí agus do na tuismitheoirí. Cabhraíonn sé le múinteoirí struchtúr foirmeálta a chur ar obair na bliana agus daltaí a spreagadh le bheith gníomhach agus rannpháirteach ina bhfoghlaim féin. Molaimid TEG go láidir mar chur chuige nuálach, dúshlánach agus tairbheach.”

    Ceisteanna coitianta do mhúinteoirí meánscoile

     

    1. An féidir le gach scoil cur isteach ar scrúduithe TEG?
      Is féidir. Má tá spéis ag do scoilse sna scrúduithe seo, moltar go láidir duit iarratas a chur isteach chomh luath agus is féidir.
    2. Cén buntáiste atá i scrúduithe TEG do dhaltaí meánscoile?
      Is cáilíocht é TEG atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus cáilíocht bhreise sa Ghaeilge a bheidh ann do dhaltaí meánscoile. Chomh maith leis sin, ag brath ar cén scrúdú a dhéanfaidh siad, gheobhaidh siad taithí ar scrúdú scríofa agus scrúdú cainte a dhéanamh, taithí a bheidh iontach luachmhar dóibh agus iad i mbun scrúduithe na hArdteistiméireachta. Anuas air sin, gheobhaidh an dalta deis dul i ngleic le scileanna tábhachtacha cumarsáide a rachaidh chun tairbhe a gcuid scileanna foghlama teanga.
    3. An féidir le daltaí meánscoile ceann ar bith de scrúduithe TEG a dhéanamh?
      Is féidir, ach moltar do mhúinteoirí dul i dteagmháil le hIonad na dTeangacha maidir leis an leibhéal cuí a roghnú do dhaltaí. Is féidir glaoch ar 01 7086417 idir 3.30 pm agus 4.30 pm ar an Máirt agus ar an Déardaoin nó ríomhphost a chur chuig teanga@nuim.ie.
    4. Cad iad na leibhéil atá i gceist i gcóras TEG?
      Tá gach eolas faoi na leibhéil éagsúla ar fáil anseo.
    5. Cad é mar is féidir an leibhéal ceart a roghnú do na daltaí atá agamsa?
      Moltar go láidir do mhúinteoirí teagmháil a dhéanamh le hIonad na dTeangacha le breis eolais a fháil faoin ábhar seo. Sula ndéanann siad é sin, ba cheart dóibh grinnstaidéar a dhéanamh ar na siollabais agus na páipéir shamplacha atá le fáil do gach leibhéal ar shuíomh TEG. D’fhéadfaí ceann de na páipéir shamplacha sin a thabhairt do na daltaí chun tuairim a thabhairt duit faoin leibhéal a bheadh oiriúnach dóibh.
    6. Cad atá go díreach atá i gceist le scrúdú de chuid TEG?
      Tá dhá rogha ann maidir le TEG agus daltaí meánscoile. Is féidir leo:
      - Cáilíocht iomlán a fháil (is é sin an scrúdú iomlán a dhéanamh – léamhthuiscint, cluastuiscint, scríbhneoireacht agus labhairt) nó
      - Páirtchreidiúint a fháil (is é sin an scrúdú cainte amháin a dhéanamh)
    7. Cén táille atá i gceist?
      Is iad na táillí a bheidh i gceist do dhaltaí meánscoile ná:
      A1 - B2 (Scrúdú iomlán):          €80 an duine
      A1 - B2 (Scrúdú cainte amháin):     €50 an duine

      Ráta speisialta do dhaltaí meánscoile don scoilbhliain seo (2014-15).  Tuilleadh eolais anseo :  http://teg.ie/pdf/COGG.pdf


    8. Cá mbíonn na scrúduithe ar siúl?
      An scrúdú iomlán: Braitheann sé seo ar líon na n-iarrthóirí sa scoil. Má tá níos mó na 20 iarrthóir i scoil ag déanamh scrúduithe TEG, déanfar iarracht chomh fada agus is féidir gach cuid den scrúdú a reáchtáil sa scoil féin. Tabhair faoi deara go mbíonn an scrúdú scríofa ar siúl ar an Satharn. Tá dátaí TEG 2014 ar fáil anseo. De ghnáth, bíonn na scrúduithe cainte ar siúl san ionad céanna leis na scrúduithe scríofa roimh agus i ndiaidh an scrúdaithe scríofa, ar maidin agus san iarnóin. Ag brath ar líon na ndaltaí i do ghrúpa agus scrúdaitheoirí TEG a bheith ar fáil i do cheantar, déanfar iarracht na scrúduithe cainte a chur ar siúl sa scoil le linn agus tar éis uaireanta scoile.
      An scrúdú cainte amháin: Ag brath ar líon na ndaltaí i do ghrúpa agus scrúdaitheoirí TEG a bheith ar fáil i do cheantar, déanfar iarracht na scrúduithe cainte a chur ar siúl sa scoil le linn agus tar éis uaireanta scoile.
      I ngach cás, déanfaidh Ionad na dTeangacha teagmháil leis an mhúinteoir Gaeilge sa scoil le socruithe a dhéanamh maidir le riar na scrúduithe.
    9. Cad é mar a chuirfear na torthaí ar fáil?
      An scrúdú iomlán: 1. Cuirfear an marc iomlán a ghnóthaigh an t-iarrthóir ar fáil, mar aon le briseadh síos ar na marcanna a ghnóthaigh an t-iarrthóir sna rannóga éagsúla.
      An scrúdú cainte amháin: Más é an scrúdú cainte amháin a dhéanann na daltaí, gheobhaidh siad an marc a fuair siad sa scrúdú sin amháin.
    10. Cá bhfaighidh mé an fhoirm iarratais?
      Tá foirm iarratais faoi leith do dhaltaí meánscoile le fáil anseo.
    11. Cén dáta deireanach a ghlacfar le hiarratais?
      Is é an dáta deireanach a ghlacfar le hiarratais ó na scoileanna ná: Aoine 21 Feabhra 2014.
    12. Cé ba cheart na foirmeacha iarratais a líonadh?
      Moltar go líonfadh gach dalta an fhoirm iarratais amach sa seomra ranga faoi stiúir an mhúinteora. Ba chóir go gcuirfeadh an múinteoir ranga foirmeacha iarratais na ndaltaí móide an táille scrúdaithe do gach dalta (seic nó ordú poist iníoctha le hIonad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad) faoi bhráid Ionad na dTeangacha in aon bheart amháin.
      Iarrtar ar mhúinteoirí a chinntiú (a) go líonann na daltaí na foirmeacha iarratais isteach go soiléir agus go cruinn agus (b) go gcloíonn siad leis an leagan dá n-ainm atá ar an gcárta aitheantais a bheidh acu lá an scrúdaithe. Chomh maith leis sin, iarrtar ar mhúinteoirí a chur in iúl do dhaltaí go bhfuil sé fíorthábhachtach go n-úsáidfidh siad an leagan céanna dá n-ainm, mar shampla, má chláraíonn an dalta i mBéarla (más sin atá ar an gcárta aitheantais), ba chóir dó/di an t-ainm Béarla a úsáid i gcónaí i ngach rud a bhaineann le TEG.
    13. An gcaithfidh daltaí scoile cárta aitheantais a thabhairt leo go dtí an scrúdú?
      Caithfidh. Caithfidh cruthúnas aitheantais a bhfuil a p(h)ictiúr air a bheith ag gach dalta. Glacfar le pas reatha, le ceadúnas tiomána reatha nó le cárta aitheantais náisiúnta reatha. Ní ghlacfar le haon chruthúnas eile.
    14. An féidir le daltaí aonaracha cur isteach ar scrúduithe TEG nó an gcaithfidh an scoil iarratas a chur isteach?
      Is féidir, ach ba chóir dó/di é sin a chur in iúl go soiléir ar an bhfoirm iarratas gur dalta meánscoile é/í.
    15. An féidir le daltaí in aon ghrúpa amháin meascán den scrúdú iomlán agus an scrúdú cainte amháin a dhéanamh?
      Is féidir, ach cuimhnigh nach gcuirfear an scrúdú iomlán ar siúl in aon scoil mura bhfuil os cionn 20 dalta ag dul don scrúdú.
    16. Cén áit is féidir liom eolas breise a fháil?
      - Gach eolas ar fáil ar an suíomh seo (www.teg.ie).
      - Cuir ríomhphost chuig teanga@nuim.ie.
      - Cuir glaoch ar 01 7086417 idir 3.30 pm agus 4.30 pm ar an Máirt nó ar an Déardaoin.
       

    pic
    Baile :: Maidir le teg :: Maidir le scrúduithe :: Eolas & moltaí :: Naisc & acmhainní :: Ceisteanna coitianta :: Nuacht :: Teagmháil
    pic pic
     
    pic
    pic
    pic pic pic pic pic
     © teg 2006 Gach ceart cosanta | Téarmaí & Coinníollacha
    pic
    home home