graphic graphic graphic
teg logo teg logo graphic Maidir le TEG
graphic
graphic graphic graphic graphic graphic Naisc & acmhainní
graphic
graphic Ceisteanna coitianta
graphic
graphic Nuacht
graphic
graphic Teagmháil
graphic
graphic
teg logo
  Eolas & moltaí graphic
Eolas & moltaí
Eolas & moltaí do mhúinteoirí
Eolas & moltaí d'iarrthóirí
 
Eolas d'fhostóirí
arrow
Ionaid teagaisc
 
 
 
 
 
 
teg logo english version
graphic graphic
arrowEolas d'fhostóirí

 

graphicCad é atá i gceist le Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG)?
graphicCén fáth a bhfuil TEG tábhachtach d’fhostóirí?
graphicCad é is féidir le foghlaimeoirí a dhéanamh ag na leibhéil éagsúla?
graphicBonnleibhéal 1 (A1)
graphicBonnleibhéal 2 (A2)
graphicMeánleibhéal 1 (B1)
graphicMeánleibhéal 2 (B2)
graphicArdleibhéal 1 (C1)

Cad é atá i gceist le Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG)?

Tá Ionad na dTeangacha tar éis córas teastasaithe a fhorbairt d’fhoghlaimeoirí fásta atá ag foghlaim Gaeilge. Is é atá sa chóras seo ná siollabais agus scrúduithe ag sé leibhéal cumais. Tá cúig leibhéal ar fáil againn don Ghaeilge faoi láthair agus beidh Ardleibhéal 2 (C2) ar fáil go luath. Tá a leithéid seo de chóras teastasaithe forbartha le haghaidh fhormhór na dteangacha eile san Eoraip cheana.

Ar ais go barr
graphic
Cén fáth a bhfuil TEG tábhachtach d’fhostóirí?

Mar fhostóir, tá sé tábhachtach go mbeadh eolas cruinn, iontaofa ar fáil duit faoi chumas Gaeilge fostaithe nó daoine a mbeadh sé i gceist agat iad a fhostú. Faoi láthair cuireann Ionad na dTeangacha scrúduithe ar fáil ag cúig leibhéal cumais:

graphicBonnleibhéal 1 (A1)
graphicBonnleibhéal 2 (A2)
graphicMeánleibhéal 1 (B1)
graphicMeánleibhéal 2 (B2)
graphicArdleibhéal 1 (C1)

Déantar scrúdú ar na ceithre scileanna: Labhairt, Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Scríbhneoireacht i ngach ceann de na leibhéil scrúdaithe seo agus tá rannóg bhreise, is é sin Úsáid na Gaeilge, i Scrúdú Ardleibhéal 1 (C1). Seo a leanas na gráid a bhronntar sna scrúduithe éagsúla:

Bonnleibhéal 1 (A1) Bonnleibhéal 2 (A2)
50-64% Pas 50-64% Pas
65-79% Pas le Tuillteanas 65-79% Pas le Tuillteanas
80-100% Pas le Gradam 80-100% Pas le Gradam

Meánleibhéal 1 (B1) Meánleibhéal 2 (B2)
50-64% Pas 50-64% Pas
65-79% Pas le Tuillteanas 65-79% Pas le Tuillteanas
80-100% Pas le Gradam 80-100% Pas le Gradam

Ardleibhéal 1 (C1)
60 % Pas *
80-100% Pas le Gradam
*Caithfidh iarrthóirí íosmharc 10% (as 20%) a fháil i ngach rannóg sa scrúdú le bheith i dteideal pas a fháil sa scrúdú iomlán. Féach Scrúdú Ardleibhéal 1 le tuilleadh eolais a fháil.

I gcás na scrúduithe ar fad tugtar an marc a ghnóthaigh iarrthóirí i ngach ceann de na scileanna. Tá sé seo thar a bheith úsáideach chun gur féidir le fostóirí eolas cuimsitheach a fháil faoi chaighdeán cumarsáide agus scríbhneoireachta a gcuid fostaithe nó daoine a mbeadh sé ar intinn acu post a thairiscint dóibh.

Ó 2012, tá páirtchreidiúint ar fáil a thugann deis d’iarrthóirí an scrúdú cainte amháin a dhéanamh. Beidh sé seo fíor-úsáideach d’ionaid oibre ina bhfuil gá le cumas sa Ghaeilge labhartha.

Ar ais go barr
graphic
Cad é is féidir le foghlaimeoirí a dhéanamh ag na leibhéil éagsúla?

Tugann an méid seo thíos léargas ginearálta ar an méid is féidir le foghlaimeoirí a dhéanamh sna scileanna éagsúla ag gach leibhéal.

Bonnleibhéal 1 (A1)
Labhairt agus Cluastuiscint
Ag an leibhéal seo, beidh na foghlaimeoirí in ann cur síos simplí a thabhairt ar a gcúlra, a gcuid oibre, na rudaí a dhéanann siad gach lá, rudaí a thaitníonn agus nach dtaitníonn leo. Bainfidh siad úsáid as abairtí agus frásaí simplí (féach samplaí sa siollabas). Beidh siad in ann páirt a ghlacadh i gcomhráite simplí faoi ghnáthábhair. Tuigfidh siad abairtí simplí agus frásaí coitianta a bhaineann leis an ghnáthshaol laethúil chomh fada agus atá an teanga soiléir agus nach bhfuil an chaint róchanúnach nó róthapa. Beidh siad fós ag brath go mór ar dhaoine eile cabhrú leo ina n-iarrachtaí le cumarsáid a dhéanamh.

Léamhthuiscint
Tuigfidh na foghlaimeoirí téacsanna atá an-simplí agus an-ghearr chomh fada agus a bhaineann siad go dlúth leis an ghnáthshaol.  Is ar bhonn frása ar fhrása a bhainfidh siad ciall as an téacs, ag aimsiú ainmneacha, focal agus bunfhrásaí aitheanta.  Beidh orthu an téacs a athléamh de réir mar is gá. 

Scríbhneoireacht
Ag an leibhéal seo, beidh na foghlaimeoirí in ann focail aonaracha a scríobh ar  fhoirmeacha atá an-bhunúsach agus a leithéidí.  Beidh siad in ann frásaí an-simplí a scríobh, mar shampla ‘Is maith liom ceol’.  I scrúdú Bonnleibhéal 1 (A1), ní bhíonn ach focail aonaracha le scríobh ag na hiarrthóirí. 

Tuilleadh eolais: Féach siollabas Bhonnleibhéal 1 (A1)

Ar ais go barr

Bonnleibhéal 2 (A2)
Labhairt agus Cluastuiscint
Ag an leibhéal seo, beidh na foghlaimeoirí in ann cur síos simplí a thabhairt ar a gcúlra, a gcuid oibre, na rudaí a dhéanann siad gach lá, rudaí a thaitníonn agus nach dtaitníonn leo. Bainfidh siad úsáid as abairtí agus frásaí simplí (féach samplaí sa siollabas). Beidh siad in ann páirt a ghlacadh i gcomhráite simplí faoi ghnáthábhair. Tuigfidh siad abairtí simplí agus frásaí coitianta a bhaineann leis an ghnáthshaol laethúil chomh fada agus atá an teanga soiléir agus nach bhfuil an chaint róchanúnach nó róthapa. Beidh siad fós ag brath go mór ar dhaoine eile cabhrú leo ina n-iarrachtaí le cumarsáid a dhéanamh.

Léamhthuiscint
Beidh na foghlaimeoirí in ann an bhrí ghinearálta a thuiscint i gcuntas scríofa (litir/ríomhphost agus araile) chomh fada is a bhíonn an teanga simplí agus go mbaineann an t-ábhar le réimse a bhfuil spéis ag na foghlaimeoirí ann nó a bhfuil cur amach acu air. Ní bheidh siad in ann déileáil le hábhair atá teibí nó nach mbíonn stór focal coitianta le fáil iontu. Beidh ar fhoghlaimeoirí úsáid a bhaint as na hacmhainní teoranta atá acu ó thaobh stór focal agus struchtúr de chun brí a bhaint as an téacs agus chun sonraí i dtéacsanna simplí a thuiscint.

Scríbhneoireacht
Beidh an foghlaimeoir in ann abairtí an-simplí a scríobh i dteachtaireacht ríomhphoist nó a leithéidí faoi ábhair a bhaineann go dlúth lena shaol féin. Mar shampla:‘Tá mé ag dul chuig an phictiúrlann anocht’. Ag an leibhéal seo, beidh na foghlaimeoirí in ann na rudaí seo a leanas a scríobh: abairtí agus frásaí simplí a chuirtear le chéile le cónaisc shimplí ar nós ‘agus’, ‘ach’ agus ‘mar’.

Tuilleadh eolais: Féach siollabas Bhonnleibhéal 2 (A2)

Ar ais go barr

Meánleibhéal 1 (B1)
Labhairt agus Cluastuiscint
Ag an leibhéal seo, beidh na foghlaimeoirí in ann páirt a ghlacadh, gan aon réamhullmhúchán, i gcomhráite faoi thopaicí coitianta a bhaineann lena ngnáthshaol féin (féach an siollabas). Ba chóir go dtuigfidís brí ghinearálta chláir theilifíse, nó teachtaireachtaí teileafóin. Ba cheart go mbeidís in ann páirt a ghlacadh i malartú tuairimí simplí maidir le hábhair a bhfuil taithí acu orthu, ach ní fhéadfaidís dearcadh casta a chur in iúl. Is í ‘an tsothuarthacht’ (predictability) is tábhachtaí ag an leibhéal seo.

Léamhthuiscint
Ag an leibhéal seo, tuigfidh foghlaimeoirí an bhrí ghinearálta a bhaineann le gnáthionchur faoi ábhair a bhfuil taithí acu orthu, mar shampla, ailt shimplí, neamhshainiúla ar nuachtáin agus ar irisí, bróisiúir nó bileoga a bhaineann le himeachtaí cultúrtha, caitheamh aimsire agus araile. Tuigfidh siad cur síos ar eachtraí, ar mhothúcháin agus araile de réir mar a chuirtear in iúl iad i ngnáthlitreacha, i dteachtaireachtaí ríomhphoist agus araile.

Scríbhneoireacht
Ag an leibhéal seo, beidh na foghlaimeoirí in ann nótaí gearra simplí a scríobh, mar shampla, teachtaireachtaí ríomhphoist agus litreacha pearsanta simplí ag tabhairt eolais ar eachtraí nó ag cur síos ar imeachtaí. Ina gcuid oibre féin, beidh siad in ann gnáthlitir a scríobh ag soláthar fíricí, dátaí agus araile. Moltar a gcuid oibre/dréachtaí a sheiceáil mar is dócha go mbeadh earráidí tromchúiseacha in obair ar bith a bheadh neamhghnách nó nach mbeadh taithí acu uirthi.

Tuilleadh eolais: Féach siollabas Mheánleibhéal 1 (B1).

Ar ais go barr

Meánleibhéal 2 (B2)
Ginearálta
Níor cheart go mbeadh aon mhórdheacrachtaí tuisceana ag foghlaimeoirí agus iad páirteach i ngnáthchomhrá a bhíonn ar siúl ar ghnáthluas. Níor cheart go mbeadh aon mhórdheacrachtaí acu le cainteoirí a labhraíonn an chanúint is mó a bhfuil cleachtadh acu féin uirthi. Uaireanta beidh orthu soiléiriú a lorg nó iarraidh ar dhuine rud a athrá. Tá seans go mbeidh deacrachtaí tuisceana ag foghlaimeoirí agus iad ag plé le cainteoirí dúchais nó cainteoirí maithe eile a bhfuil blas láidir canúnach acu agus nach gcuireann a gcuid cainte in oiriúint don fhoghlaimeoir. Tá seans maith go mbeidh deacrachtaí acu le daoine a bhfuil canúint eile acu, go háirithe má bhíonn blas láidir ar a gcuid cainte nó má bhaineann siad úsáid as foclóir nó leaganacha cainte atá an-chanúnach.

Agus iad i mbun comhrá beidh na straitéisí cuí ag foghlaimeoirí le déileáil le cibé bearna thuisceana a thiocfadh chun cinn. Tuigfidh foghlaimeoirí cuid mhaith den ábhar i ngnáth-thuairiscí nuachta agus i gcláir theilifíse eile faoi ghnáthchúrsaí, fad is nach mbíonn an blas cainte róchanúnach ná an t-ábhar róshainiúil.

Sa Láthair Oibre
Níor cheart go mbeadh aon mhórdheacrachtaí tuisceana ag foghlaimeoirí agus iad i mbun comhrá nó ag glacadh páirte i gcruinnithe a bhaineann le hábhair a bhfuil eolas maith acu orthu. Beidh siad in ann gnáthdhualgaisí oibre a chomhlíonadh, mar shampla teachtaireachtaí gutháin a ghlacadh agus treoracha a leanúint. Tá seans go mbeidh deacrachtaí acu má bhíonn blas canúnach láidir ag an duine/na daoine lena bhfuil siad ag plé nó má bhíonn siad ag plé le roinnt daoine in aon am amháin. Beidh na straitéisí cuí ag foghlaimeoirí le déileáil le cibé bearna a bheadh ina dtuiscint féin. Tuigfidh siad na príomhphointí a ardaítear le linn cruinnithe nó cur i láthair ina bpléitear sainábhair nach mbaineann lena réimse oibre féin.


Labhairt agus Cluastuiscint
Ginearálta
Ba chóir go mbeadh na foghlaimeoirí in ann páirt ghníomhach a ghlacadh i ngnáthchomhrá le duine/daoine eile, fad is a théann an comhrá ar aghaidh ar ghnáthluas. Beidh siad in ann déileáil le réimse leathan ábhar ina leithéid de chomhrá, faoi mar atá leagtha síos sa siollabas, chomh maith le hábhair eile ar spéis leo féin iad. Beidh foghlaimeoirí Mheánleibhéal 2 (B2) in ann dioscúrsa agus argóintí comhleanúnacha a thuiscint agus a chur ar fáil agus beidh a bhfuil le rá acu níos faide ná na blúirí comhrá a mbítear ag súil leo ag leibhéal B1. Ag an leibhéal seo, bíonn na foghlaimeoirí in ann eolas a mhalartú, a sheiceáil agus a dheimhniú. Is féidir leo trácht ar an tábhacht phearsanta a bhain le tarlúintí agus le heispéiris áirithe, dearcadh a chur in iúl agus a chosaint le samplaí agus le hargóintí a bhaineann le hábhar. Ní hamháin go mbeidh siad in ann iad féin a chur in iúl go sásúil ach beidh na straitéisí cuí acu le déileáil le rudaí a thagann chun cinn nach raibh siad ag súil leo.

Sa Láthair Oibre
Beidh na foghlaimeoirí in ann páirt a ghlacadh i gcomhrá nó i gcruinnithe a bhaineann le hábhair a bhfuil eolas maith acu orthu. Beidh siad in ann labhairt le daoine ar an ghuthán, teachtaireachtaí a ghlacadh, teachtaireachtaí a chur ar aghaidh, treoracha a thabhairt agus araile. Beidh siad in ann cur i láthair bunúsach (foirmeálta/neamhfhoirmeálta) a dhéanamh ar ábhair a bhaineann lena réimse oibre.

Cé Chomh Maith?
Beidh smacht maith ag na foghlaimeoirí ar an ghramadach, cé go mbeidh moill orthu ó am go ham agus iad ag iarraidh focail agus nathanna oiriúnacha a thabhairt chun cuimhne. Ní dhéanfaidh siad botúin ghramadaí is cúis le míthuiscint thromchúiseach. Bíonn foclóir réasúnta leathan acu a chuimsíonn topaicí ginearálta agus ábhair faoi leith ar spéis leo féin iad. Fuaimneoidh siad focail go soiléir, sothuigthe, cé go mbíonn tionchar na máthairtheanga le cloisteáil ar uairibh. Is dócha go mbeidh roinnt fadhbanna fós acu maidir le béim agus tuin chainte.

An Léamhthuiscint
Ginearálta
De ghnáth, bheifí ag súil le foghlaimeoirí Mheánleibhéal 2 (B2) a bheith in ann déileáil le go leor cineálacha téacsanna scríofa a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis na topaicí sa siollabas agus le hábhair eile ar spéis leo féin iad.

Sa Láthair Oibre
Beidh na foghlaimeoirí in ann déileáil le gnáthlitreacha agus tuigfidh siad an bhrí ghinearálta a bhaineann le raon maith de chomhfhreagras nach mbaineann lena ngnáthchúraimí féin. Mar sin féin, bheadh sé deacair orthu déileáil le cásanna casta agus le teanga neamhchaighdeánach. Beidh siad in ann tuiscint iomlán a bheith acu ar thuairiscí gearra agus ar ailt i dtaobh topaicí sothuartha agus éirim an scéil a thabhairt leo fiú i gcás tuairiscí nó alt a bhaineann le topaic nach bhfuil mórán cur amach acu uirthi, fad is go mbíonn friotal soiléir iontu. Mura mbíonn an friotal soiléir, beidh baol míthuisceana ann. Ba chóir go mbeadh na foghlaimeoirí eolach ar conas leas a bhaint as ábhair thacaíochta agus achmainní cuí foghlama, mar shampla, foclóirí.

Cé Chomh Maith?
Beifear ag súil go mbeidh na foghlaimeoirí ábalta na mórphointí i ngnáth-théacsanna a thuiscint agus go mbeidh siad in ann teacht ar na conclúidí agus ar na himpleachtaí atá le tuiscint go hindíreach ó théacsanna. Maidir le litreacha/teachtaireachtaí ríomhphoist, beifear ag súil nach mbeidh mórán deacrachtaí ag na foghlaimeoirí rudaí a bhaineann go dlúth lena réimse spéise féin a thuiscint. Ba cheart go mbeidís in ann an úsáid chuí a bhaint as foclóirí nó as achmainní foghlama (ar líne agus araile) le cabhrú leo i gcás saintéarmaí nó focal/nathanna atá taobh amuigh dá réimse spéise féin.

An Scríbhneoireacht
Ginearálta
Ba cheart go mbeadh foghlaimeoirí Mheánleibhéal 2 (B2) in ann tabhairt faoi réimse measartha leathan de théacsanna scríofa a chur ar fáil, fad is a bhaineann an t-ábhar le topaicí sothuartha. Mar shampla:
graphicNótaí
graphicTeachtaireachtaí
graphicTeachtaireachtaí ríomhphoist    
graphicLitreacha pearsanta
graphicCuirí
graphicDialann phearsanta
graphicGairmré/CV
graphicIarratais ar phoist

graphicPóstaeir
graphicCur síos a dhéanamh
graphicScéal a chumadh
graphicAchoimrí
graphicAilt
graphicLéirmheasanna
graphicAistí
graphicEagarthóireacht ar théacs
Sa Láthair Oibre
Beidh na foghlaimeoirí in ann raon leathan de dhoiciméid scríofa a bhfuil baint dhíreach acu lena gcuid oibre a chur ar fáil, ach theastódh seiceáil ó na doiciméid sin lena chinntiú go bhfuil siad cruinn. Beidh na foghlaimeoirí in ann téacsanna a scríobh chun eolas a sholáthar, fad is a bhaineann sé le réimse oibre a bhfuil cur amach acu air. Beidh siad in ann iarratais a scríobh chomh maith, laistigh de raon sothuartha. Beidh siad ábalta teachtaireachtaí a ghlacadh agus a chur ar aghaidh, ach beidh deacrachtaí acu le teachtaireachtaí atá fada nó casta. Beidh siad in ann nótaí a bhreacadh síos le linn do dhuine eile a bheith ag caint ar thopaicí a bhfuil cur amach acu orthu. Seo thíos samplaí de na cineálacha tascanna scríbhneoireachta a d'fhéadfaí a dhéanamh sa láthair oibre:

graphicTeachtaireachtaí
graphicTeachtaireachtaí ríomhphoist
graphicLitreacha foirmeálta
graphicDialann oibre
graphicTuairiscí

Cé Chomh Maith?
Beidh a fhios ag na foghlaimeoirí conas litir fhoirmeálta nó neamhfhoirmeálta a scríobh; an chaoi le tús agus deireadh a chur le litir, an seoladh, dátaí, poncaíocht agus araile. Féach Maidir le do litir, An Gúm, Baile Átha Cliath (1998). Níor cheart go mbeadh aon mhíchruinneas substainteach ann fad is a bhíonn an t-ábhar féin réasúnta simplí, sothuartha. Beidh smacht maith ag na foghlaimeoirí ar an ghramadach. Ní dhéanfaidh siad botúin ghramadaí a chruthódh míthuiscint thromchúiseach. Bainfidh siad úsáid as foclóir leathan a chuimsíonn formhór na dtopaicí ginearálta agus ábhair faoi leith ar spéis leo féin iad. Beidh siad réasúnta cruinn maidir le litriú agus poncaíocht ach is dócha go mbeidh tionchar na máthairtheanga le brath ar a gcuid scríbhneoireachta.

Ar ais go barr
Tuilleadh eolais: Féach siollabas Mheánleibhéal 2 (B2)

Ardleibhéal 1 (C1)
Labhairt
Ginearálta
Tá an foghlaimeoir in ann páirt ghníomhach a ghlacadh i ngnáth-chomhrá nó i gcaint fhoirmiúil (mar shampla, léacht, díospóireacht, agallamh agus araile). In ann ábhair chasta theibí a phlé le duine/daoine eile, cainteoirí dúchais san áireamh, fad is nach mbíonn an plé thar a bheith canúnach, sainiúil, teicniúil nó róthapa. In ann tuairimí agus smaointe a chur in iúl nó a chosaint agus pointí/argóintí daoine eile a fhreagairt.

Cé Chomh Maith?
In ann labhairt faoi réimse leathan topaicí go cruinn líofa spontáineach, ar shlí nach gcuireann dua ar bith ar éisteoirí. Bíonn tionchar áirithe ag an mháthairtheanga ar chaint an fhoghlaimeora i dtaca le foghraíocht agus rithim na cainte. Déantar botúin ghramadaí sa chaint, go háirithe nuair a bhíonn an cainteoir faoi bhrú nó ag caint go tapa nó go hanamúil. Ní chomhlíontar gach riail a bhaineann le gnéithe casta den ghramadach, mar shampla an séimhiú, lagiolraí, an clásal coibhneasta agus araile. Corruair, úsáidtear focail agus frásaí sa chiall mhícheart. D’fhéadfadh cuid den mhíchruinneas sin a bheith an-bhunúsach, mar shampla ‘Tá an charr páirceáilte ag barr an tsráid’. Ach is meancóga a dhéantar de bharr brú nó easpa cúraim a bheidh ina leithéid de mhíchruinneas bunúsach. Ní earráidí iad a dhéantar ar bhonn leanúnach de bharr aineolais ar fhoclóir nó ar an ghramadach bhunúsach.

Is fíorannamh nach mbíonn caint an fhoghlaimeora ag Ardleibhéal 1 (C1) intuigthe ag cainteoirí dúchais agus cainteoirí oilte eile. Bíonn an foghlaimeoir in ann ton cainte oiriúnach a úsáid chun mothúcháin agus smaointe a chur in iúl, mar shampla ionadh, comhbhá, dímheas, íoróin agus araile. Is annamh a bhíonn moill ar an chaint ná go mbíonn sé le haithint ar an chainteoir go bhfuil an focal nó an frása cuí á lorg aige/aici. Tá straitéisí ar eolas aige/aici chun soiléiriú a lorg, déileáil le daoine a bhriseann isteach ar an chaint agus araile. In ann píosaí fada cainte a dhéanamh i gcomhthéacs foirmiúil nó neamhfhoirmiúil. In ann imeacht go spontáineach ó théacs/nótaí ullmhaithe agus tógáil ar phointí inspéise a ardaítear le linn an chomhrá.

Cluastuiscint
Ginearálta
Tá foghlaimeoirí Ardleibhéal 1 (C1) in ann caint fhada a thuiscint gan mórán dua, lena n-áirítear fógraí, teachtaireachtaí, treoracha taifeadta, léachtaí, díospóireachtaí, formhór na gclár raidió/teilifíse agus ábhair eile atá coitianta sa saol sóisialta, acadúil agus gairmiúil. In ann comhrá agus plé idir tríú páirtithe a thuiscint fad is nach mbíonn an chaint thar a bheith canúnach, sainiúil, teicniúil nó an-tapa.

Cé Chomh Maith?
In ann píosa fada cainte a thuiscint fiú mura mbíonn struchtúr soiléir air agus fiú má chuirtear pointí áirithe in iúl go hindíreach, caolchúiseach, gan iad a rá glan amach. In ann caint atá casta ó thaobh na hargóna agus ó thaobh na teanga de a thuiscint faoi thopaicí teibí agus nithiúla fiú má bhaineann an chaint sin le réimsí nach bhfuil saineolas acu orthu. In ann raon leathan de nathanna agus de chora cainte a thuiscint agus difríochtaí réime a thabhairt faoi deara.

Is féidir go lorgófar soiléiriú faoi chora cainte éagoitianta nó má bhíonn an chaint róthapa nó thar a bheith canúnach nó mura mbíonn urlabhra shoiléir ag na cainteoirí. Cuirfear isteach ar an tuiscint má bhíonn torann ard sa chúlra agus má bhíonn an chaint féin an-trína chéile ó thaobh struchtúir de. Beidh deacrachtaí tuisceana ann i gcás droch-chaighdeán fuaime i dteachtaireachtaí agus i bhfógraí poiblí. Níltear ag súil go dtuigfear gach focal i gcaint theicniúil nó i gcaint a bhaineann le hábhair nach bhfuil aon saineolas ag an fhoghlaimeoir orthu (mar shampla, an béarlagair a bhaineann leis an dlí, an teicneolaíocht faisnéise nó an diagacht). Mar sin féin, tuigfear brí ghinearálta na cainte agus beifear in ann úsáid a bhaint as comhthéacs na cainte le buille faoi thuairim a thabhairt faoi bhrí focal agus frásaí nua nach dtuigtear go hiomlán.

Léamhthuiscint
Ginearálta
Bíonn foghlaimeoirí Ardleibhéal 1 (C1) in ann déileáil leis na gnáth-théacsanna Nua-Ghaeilge a bhíonn le léamh sa saol sóisialta, gairmiúil agus acadúil (mar shampla comhfhreagras, treoracha, ailt, tuairiscí, leabhair agus araile), fad is nach mbíonn siad thar a bheith canúnach, róshainiúil nó rótheicniúil. D’fhéadfadh na téacsanna sin a bheith fada, casta, teibí. Chomh maith le stór fairsing focal beidh na scileanna seo a leanas ag teastáil:
  • Na foinsí tagartha (foclóirí, graiméir agus araile) cuí a aithint agus a úsáid go héifeachtach.
  • Téacsanna fada casta a shracléamh agus eolas/pointí a bhaineann le hábhar a bhaint astu.
  • Stíl agus luas na léitheoireachta a chur in oiriúint do chuspóirí éagsúla agus do théacsanna éagsúla, mar shampla, téacs a shracléamh le haghaidh pointí eolais nó grinnléitheoireacht a dhéanamh ar théacs liteartha nó ar théacs casta eile chun an chiall iomlán a fhuascailt.
Cé Chomh Maith?
In ann beagnach gach téacs Nua-Ghaeilge a thuiscint, fad is go mbíonn deis ann sleachta deacra a athléamh agus foclóirí, graiméir agus araile a cheadú. Beidh deacrachtaí ar leith ann le friotal atá an-chanúnach, le téarmaí nach n-aithnítear, le cora cainte éagoitianta agus le friotal atá ‘seanda’ nó a bhaineann le tréimhse eile den Nua-Ghaeilge. Fiú sa chás sin beidh tuiscint mhaith ghinearálta acu ar an téacs. Is féidir go mbeidh deacrachtaí acu le friotal atá thar a bheith teibí nó meafarach agus le tagairtí cultúrtha, mar shampla carachtair de chuid na litríochta, na staire agus araile. Beidh stór focal leathan ag an fhoghlaimeoir le haghaidh na léitheoireachta, agus eolas ar chomhréir na teanga. In ann friotal caolchúiseach nó aeistéitiúil a thuiscint chomh maith le friotal atá follasach nó litriúil. In ann tuairimí agus impleachtaí a aithint fiú nuair nach ndeirtear glan amach iad.

Scríbhneoireacht
Ginearálta
Beidh foghlaimeoirí ag Ardleibhéal 1 (C1) in ann raon leathan de chineálacha téacsanna a scríobh, lena n-áirítear na téacsanna a luaitear i Siollabas B2. Beidh forbairt le haithint ar a scileanna scríbhneoireachta. Ní bheifear ag brath, mar shampla, ar na topaicí a bheith sothuartha nó bainteach lena gcuid oibre/réimse eolais féin. Beidh na foghlaimeoirí solúbtha, cruthaitheach go leor le scríobh go héifeachtach faoi thopaicí nach bhfuil seanchleachtadh acu orthu, fad is nach bhfuil na topaicí sin róshainiúil nó rótheicniúil. Anuas ar na téacsanna atá liostaithe i Siollabas B2, beidh téacsanna atá níos casta agus, ar uairibh, níos faide. I measc na dtéacsanna sin tá:
  • Lámhleabhair/bileoga treorach
  • Fógráin
  • Ailt d’irisí, nuachtáin
  • Tuairisc nó cur síos ar phost
  • Meamraim
  • Ábhair theagaisc
  • Miontráchtais ollscoile
  • Scríbhneoireacht chruthaitheach
  • Miontuairiscí
Cé Chomh Maith?
Beidh réimse leathan de nathanna, de chora cainte, de nascfhocail agus de théarmaí coitianta ar a dtoil ag na foghlaimeoirí. Beidh siad in ann leas a bhaint as struchtúir ghramadaí agus cleasa comhréire éagsúla chun doiléire agus débhríocht a sheachaint agus an téacs a choimeád ó bheith leamh, athráiteach. Beidh soiléireacht, saibhreas agus nádúrthacht sa stíl scríbhneoireachta. Beidh tionchar na máthairtheanga le sonrú in amanna ach is annamh a bheidh sé chomh tromchúiseach sin agus go mbeidh deacrachtaí ag léitheoirí an téacs a thuiscint. Beidh an téacs cruinn, den chuid is mó, ó thaobh na gramadaí agus an litrithe de. Beidh míchruinneas i gcónaí ann i dtaca leis na pointí a liostaítear faoi 11.2 Struchtúir ar leith agus 8.5 Mílitriú sa siollabas don leibhéal seo. Beidh éiginnteacht ann faoi leaganacha caighdeánacha seachas leaganacha canúnacha. Féach 8.8 Caighdeán vs canúint sa siollabas.

Agus sin ráite, beidh an foghlaimeoir in ann déileáil le formhór na gceisteanna gramadaí agus litrithe a bheadh le réiteach acu le linn na scríbhneoireachta trí na foinsí tagartha a cheadú go héifeachtach (mar shampla, foclóirí, graiméir agus araile). Léireofar tuiscint ar an réim atá oiriúnach don seánra téacs agus don chomhthéacs sóisialta. Beidh an foghlaimeoir in ann cruthaitheacht agus caolchúis a léiriú, de réir mar is cuí, agus friotal aeistéitiúil a úsáid chomh maith le friotal atá follasach nó litriúil, mar shampla imeartas focal, sofhriotal (euphemism), leathfhocail, meafair agus araile.

Tuilleadh eolais: Féach siollabas Ardleibhéal 1 (C1)

Ar ais go barr

   

graphic
Baile :: Maidir le TEG :: Maidir le scrúduithe :: Eolas & moltaí :: Naisc & acmhainní :: Ceisteanna coitianta :: Nuacht :: Teagmháil
graphic graphic
 
graphic
graphic
graphic graphic graphic graphic graphic
 © TEG 2006 Gach ceart cosanta | Téarmaí & Coinníollacha
graphic
home home